Siansa
Is éard is siansa[1] ann ná saothar ceolfhoirne, a thosaigh san 18ú céad bíodh is go raibh an téarma in úsáid roimhe sin le ciall eile. Sna siansaí clasaiceacha de chuid Haydn, Mozart, Beethoven is Schubert, bhí 4 ghluaiseacht, gluaiseacht mhear i bhfoirm sonáide, gluaiseacht mhall, minit nó scherzo, agus an críochcheol, go minic i bhfoirm sonáide cosúil leis na gcéad ghluaiseacht. Sa 19ú céad athraíodh an struchtúr seo cuid mhaith. Mar shampla, tá 5 ghluaiseacht i siansa fantaiseach de chuid Berlioz, mar a rinne Beethoven ina 9ú Siansa inar bhain sé feidhm as cór is amhránaithe aonair. Rinne cumadóirí eile a leithéid, Mahler go háirithe. Sa 20ú céad rinne cumadóirí athruithe móra eile sa struchtúr, agus chum Sibelius siansa aonghluaiseachta (a 7ú Siansa, 1924) ag an am céanna a bhí Stravinsky ag tabhairt an tsiansa chlasaicigh ar ais.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “symphony — Aistriúchán Gaeilge ar symphony (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-14.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Siansa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 596.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |