Bhí Simón Bolívar (nó Simón José Antonio de la Santísima Trinidad Bolívar y Palacios), 24 Iúil 1783 - 17 Nollaig 1830, ina cheannaire réabhlóideach. Bhí ról lárnach ag Bolívar sa pholaitíocht i Meiriceá Theas sa 19ú haois, go háirithe i Veiniséala, Eacuadór, an Bholaiv, Panama agus An Cholóim.

Simón Bolívar
Simón Bolívar, 1825.jpg
President of Venezuela (en) Aistrigh

Lúnasa 7, 1813 - Iúil 16, 1814
Francisco de Miranda - Simón Bolívar
President of Venezuela (en) Aistrigh

Deireadh Fómhair 1, 1817 - Feabhra 24, 1819 - José Antonio Páez Herrera
uachtarán

1819 - 1830
President of Peru (en) Aistrigh

Feabhra 8, 1824 - Eanáir 28, 1827
José Bernardo de Tagle y Portocarrero, Marquis of Torre Tagle (en) Aistrigh - Andrés de Santa Cruz
1. President of Bolivia (en) Aistrigh

Lúnasa 12, 1825 - Nollaig 29, 1825 - Antonio José de Sucre Farell
Saol
Eolas breithe Birthplace of Simón Bolívar (en) Aistrigh, Iúil 24, 1783
Náisiúntacht An Spáinn
Veiniséala
Eacuadór
An Bholaiv
Gran Colombia (en) Aistrigh
Áit chónaithe Q10861627 Aistrigh
Q5916100 Aistrigh
Teanga dhúchais An Spáinnis
Bás Quinta de San Pedro Alejandrino (en) Aistrigh, Nollaig 17, 1830
Áit adhlactha Cathedral of Santa Marta (en) Aistrigh
Caracas Cathedral (en) Aistrigh
National Pantheon of Venezuela (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (eitinn
fiabhras tíofóideach)
Muintir
Athair Juan Vicente Bolívar y Ponte
Máthair María de la Concepción Palacios y Blanco
Céile/Céilí María Teresa del Toro y Alayza  (Bealtaine 26, 1802 -  Eanáir 22, 1803)
Páirtí/Páirtithe Manuela Sáenz
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Teangacha An Spáinnis
An Fhraincis
Gairm
Gairm polaiteoir agus oifigeach míleata
Duais
Seirbhís mhíleata
Céim oifigeach coitianta
Throid sé/sí ag Spanish American wars of independence (mexicanas) (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Regular Masonic jurisdictions (en) Aistrigh
Simón Bolívar Signature.svg

LuathshaolCuir in Eagar

Rugadh Bolívar i gCaracas, Veiniséala ar an 24 Iúil 1783. Phós sé in 1802 ach fuair a bhean bás laistigh de bhliain agus níor phós sé arís. Bhain sé le teaghlach uasal a tháinig ar dtús as Tír na mBascach, agus rinne siad a saibhreas as mianaigh óir agus copair i Veiniséala ó 1632 i leith. Bhí Bolívar ábalta an saibhreas sin a úsáid chun na cogaí réabhlóideacha i Meiriceá Theas a mhaoiniú.

Fuair Bolívar a chuid oideachais sa bhaile tar éis dá thuismitheoirí bás a fháil, agus bhí an-tionchar ag duine dá mhúinteoirí, Simón Rodriguez, ar an fhear óg.

Chuaigh Bolívar chun na Spáinne i 1799 chun bailchríoch a chur ar a chuid oideachais. Ba ann a casadh a bhean, Maria Tereza, air. Chaith sé tamall ag obair do Napoléon Bonaparte.

 
Simón Bolívar, 1800

El LibertadorCuir in Eagar

D'fhill Bolívar ar Veiniséala i 1807. Bhí sé páirteach sa troid in aghaidh Napoléon nuair a rinneadh rí na Spáinne de Joseph Bonaparte. D'fhógair an 'junta' i gCaracas a neamhspleáchas i 1810. Cuireadh Bolívar go Sasana ar mhisean taidhleoireachta.

I 1813 bhí Bolívar i gceannas ar ionradh míleata ar Veiniséala. Ghabh sé Mérida ar an 23 Bealtaine 1813, agus fógraíodh gurb é an Fuascailteoir (El Libertador) é. Lean cogadh a mhair sé bliana go dtí gur éirigh le Bolívar tír fheidearálach neamhspleách a chruthú darbh ainm Gran Colombia.

Lean an troid in aghaidh na Spáinne ar feadh na mblianta eile. Saoradh Peiriú in 1824.

Ar an 6 Lúnasa 1825 cuireadh Poblacht na Bolaive ar bun in ómós do Bolívar, agus scríobh sé bunreacht don tír nua.

 
Simón Bolívar, 1812

Theastaigh ó Bolívar tír mhór fheidearálach a bhunú a bheadh cosúil le Stáit Aontaithe Mheiriceá ach bhí an oiread sin easaontais ann gur fhógair sé é féin ina dheachtóir ar Gran Colombia i 1828. Lean an t-achrann ar aghaidh áfach. D'éirigh sé as oifig ar an 27 Aibreán 1830.

Fuair Bolívar bás den eitinn ar an 17 Nollaig 1830.

TagairtíCuir in Eagar