Sinéad de Valera
Ba bhean chéile Éamon de Valera (taoiseach, uachtarán agus réabhlóidí Éireannach) í Sinéad de Valera (3 Meitheamh, 1878 - 7 Eanáir, 1975), nó Sinéad Ní Fhlannagáin. Tugtaí an t-ainm Sinéad Bean de Valera uirthi freisin go minic.
Sinéad de Valera | |
---|---|
Saol | |
Ainm iomlán | Jane O'Flanagan |
Eolas breithe | Baile Brigín, 3 Meitheamh 1878 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | Seantrabh, 7 Eanáir 1975 |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Muintir | |
Athair | Laurence Flanagan |
Céile/Céilí | Éamon de Valera (Eanáir 8, 1910 - |
Páistí | |
Oideachas | |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | múinteoir agus údar |

SaolCuir in Eagar
Rugadh í leis an ainm Jane nó Janice Flanagan i mBaile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath i 1878 (d'athraigh sí a h-ainm baiste níos déanaí). Bhí sí ina múinteoir i mbunscoil ar Sráid Dorset, i lár na cathrach. In a ham saor, mhúin sí an teanga Gaeilge leis an grúpa Conradh na Gaeilge. I measc na ndaltaí a bhí aici ná múinteoir eile, Eamon de Valera, a bhí ag múineadh matamaitic.
Pósadh Sinéad agus Éamon ar an 8 Eanáir 1910, cé go raibh Sinéad ceithre bliana níos sine.
Rugadh seachtar páistí acu, cúigear buachaillí agus beirt cailíní.
Bhí cáil agus cumhacht ar a fear chéile níos déanaí, ach bhí Sinéad sásta fanacht amach as an saol polaitiúil. Scríobh sí scéalta do dhaoine óga, as Gaeilge agus as Béarla.
BásCuir in Eagar
Fuair Sinéad de Valera bás ar 7 Eanáir 1975 ag 96 bliain d'aois, a lá roimh cothrom an lae a pósadh. Fuair Eamon bás ocht mí níos déanaí. Cuireadh iad le chéile i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.