Siobhán Ní Shúilleabháin

scríbhneoir Éireannach

Drámadóir, úrscéalaí agus gearrscéalaí nótáilte i nGaeilge ba ea Siobhán Ní Shúilleabháin (31 Lúnasa 1928 – 21 Bealtaine 2013).

Infotaula de personaSiobhán Ní Shúilleabháin
Beathaisnéis
Breith31 Lúnasa 1928
Baile an Fheirtéaraigh (Saorstát Éireann)
Bás21 Bealtaine 2013
84 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
SiblínMícheál Ó Súilleabháin
Duine muintearthaAisling Bea (seanaintín) Cuir in eagar ar Wikidata

In Imileá, Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, a rugadh í. Feirmeoirí ba ea a muintir agus ba í Siobhán an dara duine ab óige de sheisear clainne. D’fhreastail sí ar Choláiste Íde sa Daingean, Contae Chiarraí, agus ar an gcoláiste oiliúna i nDún Carúin, Baile Átha Cliath.

Ó 1948 go 1952 bhí sí ag múineadh i mBaile Átha Cliath, agus chaith trí bliana ansin ag obair ar an fhoclóir Béarla-Gaeilge faoi stiúir Thomáis de Bhaldraithe. I 1955 phós sí P.L. (Leo) Henry agus chónaigh siad i mBaile Átha Cliath go dtí 1960. I mBéal Feirste a bhí siad idir 1960 agus 1965 agus i gConamara ó 1965 go 1966. Ina dhiaidh sin chónaigh siad i nGaillimh. Bhí seisear clainne acu.

Léiríodh trí dhráma dá cuid ar Theilifís Éireann agus ocht ndráma ar Raidió Éireann. Scríobh sí ocht ndráma do chumainn amaitéaracha i gCamas, Conamara agus bhuaigh sí Duais Drámaíochta Irish Life in 1974. Ghnóthaigh sí duaiseanna Oireachtais do dhrámaí teilifíse, raidió agus stáitse, d’úrscéal, do ghearrscéal agus do leabhar do dhéagóirí. Bronnadh duaiseanna uirthi do ghearrscéalta a foilsíodh in Comhar agus in An tUltach, agus Duais Sheachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail.

Saothar cuir in eagar

Leabhair do dhéagóirí: Triúr againn (1955); Cúrsaí Randolf (1957); Dúinne an samhradh (1957); Mé féin agus Síle (1978); Mise mé féin (1987); Eoghan (1992); Máirtín (1995); Rósanna sa gháirdín (1994).

Saothair do dhaoine fásta: Cití (1975), dráma; Ospidéal (1980), úrscéal; Í siúd (1999), cnuasach gearrscéalta; Cnuasach trá (2000), filíocht; Píosa pósadh, prátaí rósta (2001), úrscéal; Marach an phóg san (2002), úrscéal; Ar nós na bhfáinleog (2004), úrscéal.

Ba thréith shuntasach dá saothar dearcadh na mban a bheith chun tosaigh.

Tagairtí cuir in eagar

  • NÍ SHÚILLEABHÁIN, Siobhán (1928–2013), AINM.ie: http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=3068
  • Mhac an tSaoi, M. (2000), 'A Splendid Flowering of that Hard School,' Poetry Ireland Review 67, 93-95.
  • Ní Chinnéide, M. (1999), 'Rún na mBan,' Comhar 59:8, 24-25.