Sionnach
Sionnach | |||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() Sionnach Eorpach (Vulpes vulpes crucigera)
| |||||||||||||||
Aicmiú eolaíoch | |||||||||||||||
| |||||||||||||||
Vulpes vulpes (Linnaeus, 1758) | |||||||||||||||
![]() | |||||||||||||||
| |||||||||||||||
| |||||||||||||||
Téarmaí comhchiallacha | |||||||||||||||
Canis vulpes |
Ainmhí feoiliteach is ea an sionnach nó an madra rua (madadh rua/mada rua uaireanta). Mamach atá ann, agus is ball d'fhine na gcúnna (Canidae) é. [1]
SanasaíochtCuir in Eagar
Níl aon sanasaíocht shásúil ar an bhfocal sionnach.[2]
Seanfhocail/nathanna cainteCuir in Eagar
- Ní mhealltar an sionnach faoi dhó
- Chomh glic le sionnach
- Sionnach ar dhuán, giorria ar do bhaoite, is nár mharaí tú aon bhreac go dtioca an Fhéile Bríde seanmhallacht iascaireachta as ar ainmníodh úrscéal Bhreandáin Uí Eithir Sionnach ar mo Dhuán.
Cur síosCuir in Eagar
Bíonn áthanna éagsúla ar na madraí rua, idir buí éadrom agus donn trom rua, agus dath bán nó éadrom ar a mbolg agus ar uile. Bíonn eireaball sionnaigh fada, tiubh, agus mothallach, agus bior bán air de ghnáth. Bíonn na cluasa sách fada agus biorach.
- Meáchan 4 – 9kg
- Fad na colainne 50-100cm
- Fad an eireabaill 30- 45cm
- Cos Deiridh 13-16cm
- Fad an Lapa 5cm
- Aird ón ngualainn anuas 30-40cm
Roinnt biannaCuir in Eagar
- Coiníní
- Uibheacha
- Feithidí
- Giorriacha
- Gráinneoga
- Francaigh
- Péisteanna
- Lucha
- Torthaí
- Fuílleach bia
Féach freisinCuir in Eagar
FoinsíCuir in Eagar
- ↑ http://noticenature.ie/files/enfo/factsheet/Irish/WL33%20Foxes%20-%20Irish.pdf Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine Sionnaigh (Gaeilge)]
- ↑ http://www.celt.dias.ie/gaeilge/tionol/achoim06.html#mo