Gaoth cosúil leis an Khamsin go bunúsach, a shéideann ó ghaineamhlach an tSahára. Agus í ag trasnú na Meánmhara, bailíonn sí fliuchras agus sroicheann deisceart na hEorpa mar ghaoth the thais mharbhánta.