Is ainm coitianta é smugairle róin (nó sceith róin) ar go leor speiceas éagsúil san fhofhíleam Medusozoa den fhíleam Cnidaria. Ní grúpa tacsanomaíochta iad. Faightear ag snámh iad i ngach aon aigéan ar domhan, ón dromchla anuas go dtí domhain na farraige. Tá cealg ag gach smugairle róin, ach níl ceann contúirteach ag an chuid is mó dóibh.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSmugairle róin
Medusozoa Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamCnidaria
FofhíleamMedusozoa Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar roinnt speiceas smugairlí róin a bhí coitianta ar chladaí Chonamara:

Bíonn an mhuir druid te le smugairlí róin sa samhradh. Níl aon neamhspleáchas ag baint leo mar go bhfuil siad faoi shilleadh na ríchoinnle ag cumhacht taoille trá agus tuile. Tá go leor cineálacha acu ann ach is beag nach aon déanamh amháin atá ar fad orthu, deánamh scáth fearthainne, an taobh dronnach in uachtar, cuid acu troigh ar leithead agus as sin go dtí oiread leathphingine... Nuair a bhíos gaoth mhór agus oibriú farraige ann sa samhradh caitear go leor de na cinn a bhíos in aice láthair isteach. Seargann siad as cumraíocht le grian agus gaoth mar is uisce ar fad iad beagnach. Tá cineál beag acu ar dhath an uisce a bhfuil crosóg ghorm ina lár, a dtugtar sceitheanna róin orthu... Ní bhaintear leas ar bith as na smugairlí róin agus cheapfá le breathnú orthu san uisce gur rudaí an-deas iad, ach nuair a thagas siad i dtír ar an trá ní mórán slaicht a bhíos orthu. Nuair a bhíos go leor acu lofa bíonn boladh an-ghránna uathu agus ní thaitníonn siad leis na faoileáin féin, ná ní bhreathnódh na portáin díreach orthu.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar