Speictreascópacht fhótaileictreonach

Teicníocht chun staidéar a dhéanamh ar struchtúr adamh is móilíní. Dírítear radaíocht leictreamaighnéadach ar shampla chun go n-astaíonn sé leictreoin, a bhraitear. Más X-ghathanna a úsáidtear, is féidir staidéar a dhéanamh ar na leictreoin inmheánacha. Le húsáid gathanna ultraivialaite, déantar staidéar ar na leictreoin sheachtracha nasctha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Speictreascópacht fhóta-astaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 617.