An difríocht idir athruithe ar: "Ceimic"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 184:
=== Tionscal ===
=== Cumainn ghairmiúla ===
== Bun-choincheapa na ceimice ==
 
=== Ainmníocht ===
 
Tá córas dian ainmníochta in úsáid ag na ceimiceoirí a cheadaíonn dóibh ainm neamh-dhébhríoch a thabhairt ar gach comhdhúil cheimiceach. Mar shampla, i gcomhdhúile neamhorgánacha, cuirtear—íd le hainm na dúile is [[Leictridhiúltacht|leictridhiúltaí]].
 
NaCl = clóiríd sóidiam.
 
NO<sub>2</sub> = dé-ocsaíd nítrigine. Anseo, is í an ocsaigin is leictridhiúltaí, agus dhá adamh ocsaigine ceangailte d'aon adamh nítrigine amháin—mar sin, tugaimid ''dé''-ocsaíd nítrigine ar an gcomhdhúil seo.
 
SO<sub>3</sub> = trí-ocsaíd sulfair. Anseo, arís, is í an ocsaigin is leictridhiúltaí, agus trí adamh ocsaigine ceangailte le gach adamh sulfair—''trí''-ocsaíd sulfair a thugtar ar an gcomhdhúil, mar sin.
 
OF<sub>2</sub> = dé-fhluairíd ocsaigine. Is é an fluairín an t-aon dúil cheimiceach amháin a sháraíonn an ocsaigin maidir le leictridhiúltacht, agus mar sin tugaimid fluairíd ar an gceann seo.
 
In ainmníocht na n-ian coimpléascach, is gnách na [[Liogann|lioganna]] a ainmniú ar dtús agus an t-adamh lárnach a ainmniú ina dhiaidh sin. Cuirtear ó fada i ndeireadh ainm na liogainne. Sa deireadh, tugtar uimhir ocsaídiúcháin an adaimh lárnaigh le fios idir lúibíní:
 
AuCl<sub>4</sub><sup>-</sup> = ian teitreaclóró-óráite (III). [[Ian coimpléascach]], nó "slánaonad comhordúcháin", is ea an teitreaclóróráit, ina bhfuil ceithre ian clóiríde ceanglaithe d'ian an óir a bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +3 aige. Mar sin, tugaimid "teitreaclóró-óráit (III)" ar an ian seo.
 
SO<sub>4</sub><sup>2-</sup> = ian teatrocsósulfáite (VI). Ar ndóigh, is é an gnáth-ian sulfáite é, ach is féidir an t-ainm córasach seo a thabhairt air freisin. Is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an sulfar san ian áirithe seo ná +6, agus is iain ocsaíde iad na lioganna.
 
 
 
 
 
 
 
{{glanadh}}
 
Nuair a dhóitear an miotal [[sóidiam]] Na<sup>+</sup> i ngás [[clóirín]] Cl<sup>−</sup> fabhraítear clóiríd sóidiam NaCl (náthshalann neodrach).
 
Bíonn cruthú naisc ianaigh nó aistriú iomlán leictreoin ó adamh sóidiam go hadamh clóirín i gceist san imibriú seo.
 
 
 
 
=== Substaint ===
Is éard atá i ''substaint'' ná dúil nó comhdhúil.
 
 
 
=== Athruithe Staide ===
 
Tá an damhna uile comhdhéanta d'adaimh nó de mhóilíní agus braitheann an ''staid'' ina mbíonn siad ar fhuinneamh nó ar ghluaisne na gcáithníní (féach ''Teoiric Chinéiteach an Damhna'').
 
Níl in athrú staide ach athruithe fisiceacha agus ní dhéantar aon substaint nua dá bharr.
 
Is athruithe fisiceacha amháin a thagann ar dhamhnaí sna cásanna seo a leanas: reo, leá, galú agus tuaslagadh. Cibé méid uaireanta a thagann athrú staide ar damhna íonghlan, ní chlaochlaítear é.
 
Bíonn na hathruithe staide seo inchúlaithe. I gcás an mhóilín H<sub>2</sub>O mar shampla, is féidir na hathruithe seo a léiriú mar seo a leanas:
 
Téigh Téigh
Oighear <math> \leftrightarrow</math> Uisce <math> \leftrightarrow</math> Gal
Fuaraigh Fuaraigh
[[Íomhá:nua1.jpg|frame|right|Learáid ag taispeaint na gcéimeanna seo a leanas: an pas soladach, an pas leachtach, agus an pas gásach i ngnáthábhar simplí]]
 
=== Athruithe Ceimiceacha ===
In ''athruithe ceimiceacha'', tagann athruithe bunúsacha i bhfeidhm a athraíonn damhnaí go damhnaí de ghné eile.
 
=== An Cheimic Chandamach ===
Thug an t-eolaí [[Max Planck]] [[Candam|Candaim]] ar na toirteanna fuinnimh a sheoltar ó adaimh.
Bíonn radaíochtaí agus miníochtaí éagsúla ag cineálacha éagsúla adaimh agus bíonn méideanna éagsúla sna toirteanna fuinnimh a sheoltar uathu. Is brainse í an ''Cheimic Chandamach'' den cheimic theoiriciúil. Cuireann sí an Mheicnic Chandamach agus an Reimsetheoiric Chandamach i bhfeidhm ar cheisteanna agus ar fhadhbanna na ceimice.
Feidhm amháin den cheimic chadamach is ea iompraíocht leictreonach adaimh agus móilíní a thuairisciú i gcomhthéacs a n-imoibríochta.
 
Luíonn an Cheimic Chandamach ar an teorann idir an Cheimic agus an Fhisic agus tá inchur suntasach déanta ag eolaithe ón dá thaobh uirthi.
 
== Cumainn Cheimiceacha ==