An difríocht idir athruithe ar: "Áed mac Echach"
Content deleted Content added
... ag aistriú clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit |
... ag aistriú clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit |
||
Líne 5:
[[Ríthe na gConnacht|Rí na gConnacht]] de chlann [[Uí Bhriúin]] ba ea '''Aodh mac Eochach Thirimcharna''' ([[Sean-Ghaeilge]] '''Áed mac Echach Tirmcharna''') (bás 575<ref>Daniel P. McCarthy,''The Chronology of the Irish Annals''</ref>). He was the son of [[Echu Tirmcharna|Eocha Tirimcharna]] mac Fearghasa (bás c. 556) ba ea a athair.<ref>Francis J. Byrne, ''Irish Kings and High-Kings'', Tábla 19</ref> Tháinig sé i gcoróin sa bhliain 557 agus bhí sé i réim go dtí 575.
Dúnmharú mic le hAodh ba chúis cogadh leis an [[Ardrí na hÉireann|Ardrí]], [[Diarmait mac Cerbaill|Diarmaid mac Cearbhaill]] (bás 563). Deir [[Seathrún Céitinn]] go raibh fleadh ag Diarmaid ag Teamhrach agus gur mharaigh [[Curnán mac Áedo]] (bás 559) fear desna huaisle ann.
Sa bhliain 560, troideadh [[Cath Cúl Dreimne]] (i g[[Contae Shligigh]]) idir an comhaontas seo agus Diarmaid. Insíonn na Ceithre Máistrí gur chuir Colm Cille agus a phaidreacha draoithe Dhiarmada de dhroim seoil agus gur cloíodh é. Dar le T. M. Charles-Edwards, tharla an cath seo níos deireanaí, i gcríocha [[Cenél Cairpre Droma Cliab]], ceantar idir Uí Néill an Tuaiscirt agus na Connachta. Molann sé fosta gurbh é comharbas ar Dhiarmaid ba bhun leis an gcath.<ref>T. M. Charles-Edwards, ''Early Christian Ireland'' , lch. 294</ref>
Tá [[Francis J. Byrne|Byrne]] in amhras faoi bharántúlacht luathghinealaigh Uí Bhriúin, agus measann sé fiú nach de mhuintir Uí Bhriúin iad luath-ríthe na gConnacht. Luann sé an tagairt i n[[Annála Tiarnaigh]] do bhás Aodha sa bhliain 575 ag [[Cath Bágha]], ina ndeirtear gur maraíodh é ag fir Uí Bhriúin.<ref>[[Annála Tiarnaigh]], AT 575.4</ref> Luann sé fosta an tuairisc i n[[Annála Inis Faithlinn]] gur bhronn sé [[Eanach Dhúin]] ar [[Loch Coirib]] do [[Naomh Breandán]] de [[Cluain Fearta|Chluain Fearta]].<ref>[[Annála Inis Faithlinn]] AIF 578.2</ref>
Tháinig a mhac ''[[Uatu mac Áedo|Uada]]'' (bás 600) i gcomharbacht air.
|