An difríocht idir athruithe ar: "An Laidin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 11:
|iso1=la|iso2=lat|iso3=lat}}
[[Íomhá:Latin dictionary.jpg|mion|Foclóir laidine]]
B'Ba í an '''Laidin''' an teanga a labhraítí i Latium (Lazio) fadó agus a chuaigh chun fairsinge sna sálaí ag saighdiúirí na hImpireachta Rómhánaí. Tháinig an teanga chun cinn i gceantar tíre na Laidineach timpeall ar chathair [[an Róimh|na Róimhe]], agus leathnaigh sí amach de réir mar a ghlac na Rómhánaigh seilbh ar leithinis na h[[an Iodáil|Iodáile]], agus na tailte go léir timpeall ar an [[An Mheánmhuir|Meánmhuir]]. Breacadh an teanga síos an chéad uair timpeall ar 550 bliain r. Chr., agus b'aistriúcháin ón [[an Ghréigis|nGréigis]] a bhí sa chuid ba mhó de litríocht na Laidine ar feadh tamaill fhada. Tugtar an [[tréimhse chlasaiceach]] ar na blianta 100 RC - 150 AD, nuair a bhí an [[Impireacht na Róimhe|Impireacht]] in ard a réime. San am sin a mhair scríbhneoirí cáiliúla ar nós [[Cicearó]], [[Iúil Caesar|Caesar]], [[Veirgil]] agus [[Tacatas]], chomh maith leis an bhfile [[Óivid|Oivid]].
 
San Iarthar, ghlac na [[An Chríostaíocht|Críostaithe]] leis an teanga mar theanga liotúirgeach agus cuireadh an [[An Bíobla|Bíobla]] ar fáil as Laidin. Is í an [[Vulgáid]] an t-aistriúchán Laidine den Bhíobla a bhí in úsáid ag an Eaglais go dtí go ndeachaigh lucht an Reifirméisin siar go dtí na foinsí [[An Ghréigis|Gréigise]] agus [[An Eabhrais|Eabhraise]]. Rinne manaigh ar fud na h[[An Eoraip|Eorpa]] agus i dtíortha na [[An Mheánmhuir|Meánmhara]] staidéar ar an teanga. Mar theanga labhartha, áfach, chuaigh athruithe difriúla i bhfeidhm ar an Laidin i réigiúin éagsúla, agus d'iompaigh na canúintí ina dteangacha éagsúla, ar a dtugtar [[teangacha Rómánsacha]]: an [[An Fhraincis|Fhraincis]], an [[An Iodáilis|Iodáilis]], an [[An Spáinnis|Spáinnis]], an [[An Rómáinis|Rómáinis]], an [[An Phortaingéilis|Phortaingéilis]] agus mar sin de. Tá an Laidin ina teanga oifigiúil sa [[Cathair na Vatacáine|Vatacáin]] i gcónaí. Thairis sin, craolann [[Suomen Yleisradio|Raidió na Fionlainne]] [[Nuntii Latini|nuacht as Laidin]] gach seachtain ón mbliain 1989 ar aghaidh.