An difríocht idir athruithe ar: "An Laidin"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 11:
|iso1=la|iso2=lat|iso3=lat}}
[[Íomhá:Latin dictionary.jpg|mion|Foclóir laidine]]
Ba í an '''Laidin''' an teanga a labhraítí i Latium (Lazio) fadó agus a chuaigh chun fairsinge sna sálaí ag saighdiúirí na hImpireachta Rómhánaí. Tháinig an teanga chun cinn i gceantar tíre na Laidineach timpeall ar chathair [[an Róimh|na Róimhe]], agus leathnaigh sí amach de réir mar a ghlac na Rómhánaigh seilbh ar leithinis na h[[an Iodáil|Iodáile]], agus na tailte go léir timpeall ar an [[An Mheánmhuir|Meánmhuir]]. Breacadh an teanga síos an chéad uair timpeall ar 550 bliain r. Chr., agus b'aistriúcháin ón [[an Ghréigis|nGréigis]] a bhí sa chuid ba mhó de litríocht na Laidine ar feadh tamaill fhada. Tugtar an [[tréimhse chlasaiceach]] ar na blianta 100 RC - 150 AD, nuair a bhí an [[Impireacht na Róimhe|Impireacht]] in ard a réime. San am sin a mhair scríbhneoirí cáiliúla ar nós [[Cicearó|Chicearó]], agus [[Iúil Caesar|CaesarChaesair]], agus [[Veirgil]] agus [[Tacatas|Thacatais]], chomh maith leis an bhfile [[Óivid|Oivid]].
 
San Iarthar, ghlac na [[An Chríostaíocht|Críostaithe]] leis an teanga mar theanga liotúirgeach agus cuireadh an [[An Bíobla|Bíobla]] ar fáil as Laidin. Is í an [[Vulgáid]] an t-aistriúchán Laidine den Bhíobla a bhí in úsáid ag an Eaglais go dtí go ndeachaigh lucht an Reifirméisin siar go dtí na foinsí [[An Ghréigis|Gréigise]] agus [[An Eabhrais|Eabhraise]]. Rinne manaigh ar fud na h[[An Eoraip|Eorpa]] agus i dtíortha na [[An Mheánmhuir|Meánmhara]] staidéar ar an teanga. Mar theanga labhartha, áfach, chuaigh athruithe difriúla i bhfeidhm ar an Laidin i réigiúin éagsúla, agus d'iompaigh na canúintí ina dteangacha éagsúla, ar a dtugtar [[teangacha Rómánsacha]]:, mar atá an [[An Fhraincis|Fhraincis]], agus an [[An Iodáilis|Iodáilis]], agus an [[An Spáinnis|Spáinnis]], agus an [[An Rómáinis|Rómáinis]], agus an [[An Phortaingéilis|Phortaingéilis]] agus mar sin de. Tá an Laidin ina teangatheanga oifigiúil sa [[Cathair na Vatacáine|Vatacáin]] i gcónaí. Thairis sin, craolann [[Suomen Yleisradio|Raidió na Fionlainne]] [[Nuntii Latini|nuacht as Laidin]] gach seachtain ón mbliain 1989 ar aghaidh.
 
== Tréithe ==
Líne 32:
=== Forbairt stairiúil na Laidine ===
 
Ceann de na teangacha Iodálda is ea an Laidin, agus í á scríobh leis an aibítir Laidineach, atá bunaithe ar an aibítir Shean-Iodálda. As an aibítir Ghréagach[[An Ghréigis|Ghréigise]] a d'eascair an aibítir sin. Creidtear gur tháinig an Laidin, nó an chanúint Iodálda, go dtí Latium thart ar ocht nó naoi gcéad bliain roimh bhreith Chríost. Aduaidh a tháinig lucht labhartha na Laidine, agus mar sin, d'fhág na teangacha Ceilteacha agus an Eatrúiscis - seanteanga neamh-Ind-Eorpach na hIodáile - a sliocht ar an Laidin is sine dá bhfuil ann.
 
Scríobhadh an chuid is tábhachtaí de litríocht na Laidine sa teanga shaorga ealaíonta ar a dtugtar an Laidin Chlasaiceach. B'Ba iad an dá chéad bliain timpeall ar bhreith Chríost ré órga na Laidine Clasaicí. San am céanna, bhí an chosmhuintir ag labhairt gnáthchaint Laidine, a bhí sách difriúil leis an teanga Chlasaiceach ó thaobh na gramadaí agus an stór focal de.
 
{{IdirVicí|cód=la}}