An difríocht idir athruithe ar: "Blag"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
chuireas eolas faoin bhfocal eile cín lae lín san áireamh
Líne 3:
Is féidir a rá gurbh é an [[nuachtghrúpa]] (is éard is nuachtghrúpa ann ná an téarma a thagraíonn do chláracha plé ar an gcóras úd [[Usenet]]) "mod.ber" an chéad bhlag a bhí ann riamh. Ba é Brian E. Redman a bhunaigh an nuachtghrúpa seo sa bhliain 1983. Bhí úsáid an fhóraim diospóireachta á baint as cosúil leis na nuachtghrúpaí eile, ach ba nós le Redman achoimrí tráthrialta a thabhairt ar na diospóireachtaí deireanacha agus ar rudaí spéisiúla eile a bhí ar siúl ar an Usenet. Níor mhair "mod.ber" ach ocht mí.
 
Thosaigh na dialanna [[Idirlíon|Idirlín]] nó cíona lae lín (focal eile ar dialann isea 'cin lae') ag dul i bhfairsinge timpeall na bliana 1994, ach níor cumadh an téarma sin "blog" ach sa bhliain 1999. Ba é Jorn Barger a cheap an téarma "weblog", agus is éard a bhí i gceist aige ná fíor-logleabhar gréasáin, is é sin, dialann scimeála Idirlín ina dtugadh sé cur síos ar rudaí spéisiúla éagsúla ar tháinig sé trasna orthu ar a chamchuairt ar an nGréasán. Ba é Peter Merholz, áfach, a rinne an athanailis ar an bhfocal "weblog" mar "we blog", agus go gasta ina dhiaidh sin, thosaigh na daoine ag tagairt don "bhlagáil", is é sin, ag baint úsáide as an mbriathar úd ''to blog'' sa chiall "do logleabhar gréasáin a leasú, ábhar nua a chur leis".
 
Faoin am sin a chuaigh na blaganna i bhfairsinge, agus bunaíodh [[Láithreán Gréasáin|láithreáin Ghréasáin]] a bhí deartha le haghaidh bhlagadóirí, agus iad ag tairiscint uirlisí agus bogearraí le haghaidh blagála. Ba é an t''Open Diary'', a hosclaíodh i Mí Dheireadh Fómhair 1998. An bhliain a bhí chugainn, bhunaigh Brad Fitzpatrick, ceannródaí blagála, an pobal Gréasáin úd LiveJournal. Ba iad Evan Williams agus Meg Hourihan a chuir tús le Blogger.com sa bhliain chéanna.