An difríocht idir athruithe ar: "Marty Walsh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
[[Íomhá:Martin Walsh Massachusetts House of Representatives.png|clé|mion|2005]]
Is [[polaiteoir]] [[Meiriceánach]] é '''Marty Walsh''' (a rugadh ar [[10 Aibreán]] [[1967]]). Is ball den [[Páirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Daonlathach]] é. Rinne Marty Walsh éacht agus an Mhéaracht Bhoston a bhuachan faoi dhó, in 2013 agus in 2017.<ref name=":0">{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/an-e-marty-walsh-an-meara-deireanach-de-shliocht-na-ngael-in-boston/|teideal=An é Marty Walsh an Méara deireanach de shliocht na nGael in Boston?|údar=Máirtín Ó Catháin|dáta=2021|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2021-05-02}}</ref>
[[Íomhá:Marty Walsh (a).jpg|clé|mion|236x236px|2010]]
 
== Saol ==
Is é '''Marty Walsh''' (r. [[10 Aibreán]] [[1967]]) méara [[Boston, Massachusetts|Boston]], [[Massachusetts]], sna [[SAM|Stáit Aontaithe]]. Is as [[Ros Muc]], i g[[Conamara]] in [[Éire|Éirinn]], iad a mhuintir. Tá sé ina dara téarma mar mhéara. Is ball den [[Páirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Daonlathach]] é. Ar 7 Eanáir 2021 tuairiscíodh gurb é rogha [[Joe Biden]] mar Rúnaí Saothair na Stát Aontaithe.
[[Íomhá:Martin J. Walsh for Mayor logo 2013.png|clé|mion|178x178px]]
 
=== Muintir ===
Is as [[Ros Muc]], i g[[Conamara]] in [[Éire|Éirinn]], iad a mhuintir. Is mac é Marty Walsh le John Walsh, nó John Mháirtín Tom as Caladh Mhaínse, [[Carna]], nach maireann, agus Mary Walsh, nó Mary Joe Pheadair Uí Mháille, as Ros Cíde, [[Ros Muc]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/meara-boston-marty-walsh-roghnaithe-ag-joe-biden-mar-runai-saothair/|teideal=Méara Boston Marty Walsh roghnaithe ag Joe Biden mar rúnaí saothair|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2021-05-02}}</ref> chuaigh siad beirt ar imirce go Meiriceá, áit ar rugadh Walsh féin.<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/saoirse-chathair-na-gaillimhe-le-bronnadh-ar-mheara-bhostuin-marty-walsh/|teideal=Saoirse Chathair na Gaillimhe le bronnadh ar Mhéara Bhostúin Marty Walsh|údar=Maitiú Ó Coimín|dáta=2017|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2021-05-02}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=https://issuu.com/gensocireland/docs/ireland_s_genealogical_gazette__aug_b5ea5ef03fe56c/2|teideal=Ireland's Genealogical Gazette (August 2014)|údar=7512931|language=en|work=Issuu|dátarochtana=2021-05-02}}</ref>
 
=== Méara ===
Bhí Martin Walsh insealbhaithe mar mhéara Bhoston ar an 6 Eanáir 2014. Bhí sé mar mhéara ar [[Boston, Massachusetts|Bhoston]], [[Massachusetts]] idir 2014 and 2021. Toghadh an polaiteoir de chuid na nDaonlathach ina mhéara ar Bhoston den chéad uair i Samhain 2013 agus atogadh é sa phost sin, le beagnach 65% den vóta, in 2017. D’éirigh leis ceangal a chothú idir aicmí go leor ina chuid feachtas – an pobal den chine dubh, muintir na hÁise agus tuilleadh.<ref name=":0" />
 
D'fhógair Walsh sa bhliain 2017 go mbeadh Bhoston ina áit shábháilte ag [[Imirce (daonra)|imircigh]] mídhleathacha atá ag maireachtáil faoi eagla faoi réimeas slándála an [[Donald Trump|Uachtaráin Trump]].
 
Le linn fheachtas Walsh in Boston, cuireadh chun cinn é mar dhuine a raibh dul chun cinn eacnamaíochta ar cheann de na clocha móra ar a phaidrín.<ref name=":0" />
 
Bhí Walsh i gcroílár scannán faisnéise faoi riaradh na cathrach sa bhliain 2020, an scannán ''City Hall.''<ref>{{Luaigh foilseachán|title=City Hall|url=https://www.imdb.com/title/tt12094720/|publisher=Ford Foundation - Just Films, ITVS, PBS|date=2020-10-21|coauthors=Marty Walsh|author=Frederick Wiseman}}</ref> Tá Marty Walsh páirteach i go leor de radharcanna an scannáin.<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/meara-boston-marty-walsh-i-gcroilar-scannan-faisneise-nua/|teideal=Méara Boston Marty Walsh i gcroílár scannán faisnéise nua|údar=Ciarán Ó Cualáin|dáta=2020|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2021-05-02}}</ref>
[[Íomhá:Vice President Harris Swears In Marty Walsh as Secretary of Labor.webm|clé|mion|177x177px|23 Márta 2021 mar Rúnaí Saothair na Stát Aontaithe]]
Ag searmanas cathartha i gCathair na Gaillimhe sa bhliain 2018, bronnadh saoirse na cathrach ar Mhéara Bhoston Marty Walsh.<ref name=":1">{{Luaigh foilseachán|title=Saoirse na Gaillimhe bronnta ar Marty Walsh|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2018/0511/962900-saoirse-na-gaillimhe-bronnta-ar-marty-walsh/|date=2018-05-11|language=en|author=Nuacht RTÉ}}</ref>
 
=== Rúnaí Saothair ===
Ar 7 Eanáir 2021 tuairiscíodh gurb é rogha [[Joe Biden]] mar Rúnaí Saothair na Stát Aontaithe. Caithfidh Walsh déileáil le coinníollacha sábháilteachta agus sláinte oibrithe na tíre. Agus tá ceist an bhunphá in aghaidh na huaire d’oibrithe le láimhsiú.  Tá iarracht ar bun le dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm a d’fhágfadh go mbeadh, ar a laghad, $15 san uair ag dul d’oibrithe.
 
Tá tuairimíocht láidir ann go bhfuil a shúil ag Marty Walsh ar thoghchán na hUachtarántachta sna blianta atá amach romhainn.<ref name=":1" />
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
{{síol}}
 
{{DEFAULTSORT:Walsh, Marty}}