An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Home Rule- 'Oh! Henry where did you get that cigar and why are you smoking it?' (22906005345).jpg|mion|Chuaigh na polaiteoirí sa Bhreatain trí anás uafásach le "Home Rule", c1905-1910]]
Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag [[David Lloyd George]] agus Walter Long (ceannaire na n[[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtóirí]] i g[[Cúige Uladh]]) ar [[Polaitíocht|pholaitíocht]] na hÉireann roimh an gcogadh. Ach idir an dá linn, d'athraigh cúrsaí in Éirinn.
[[Íomhá:Picture of Walter Long.jpg|clé|mion|Walter Hume Long. roimh 1915]]
Bhí na [[Náisiúnachas in Éirinn|Náisiúnaithe Éireannacha]] ag éileamh [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleáchais]] agus Poblachta faoin am seo. B'iad [[Sinn Féin]] an páirtí ba láidre in Éirinn, agus ní ghabhfaidís leor le Rialtas Dúchais de réir an tsean-sainmhínithe. Mar sin,
==Cúlra ==
Líne 38:
Tháinig Sinn Féin chun tosaigh, agus an Páirtí Parlaiminteach ag cailleadh tábhachta go tiubh mar ghuth an náisiúnachais Éireannaigh. In [[Olltoghchán na hÉireann, 1918|Olltoghcháin na bliana 1918]], bhain Sinn Féin amach trí cinn déag is trí scór de na suíocháin pharlaiminteacha, cúig cinn thar chúig scór, a bhí ag dul d'Éirinn, agus tháinig siad le chéile beag beann ar pharlaimint Westminster, mar pharlaimint neamhspleách Éireannach, nó Dáil Éireann. Ghair siad stát neamhspleách d'Éirinn, nó Poblacht na hÉireann.
Ar a lán cúiseanna éagsúla, chaith na Feisirí Aontachtacha go léir vóta in aghaidh an Achta. B'fhearr leo go bhfanfadh iomlán [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]] taobh istigh den Ríocht Aontaithe, agus níor ghlac siad le stáitín féinrialaitheach [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]] ach amháin mar shop in áit na scuaibe.
Mar sin, nuair a tugadh an Rialtas Dúchais isteach, bhí a phort seinnte roimh ré. nó ní bheadh na [[Náisiúnachas in Éirinn|Náisiúnaithe Éireannacha]] sásta ach le [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleách]]<nowiki/>as iomlán. Bhí, fiú, [[Óglaigh na hÉireann (1919-1922)|fórsaí armtha Phoblacht na hÉireann]] ag cur cogaidh ar na Sasanaigh cheana leis an gcuspóir seo a bhaint amach.
|