An difríocht idir athruithe ar: "Albert Fry"

Gníomhaí Gaeilge, múinteoir, innealtóir, ceoltóir & amhránaí
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'mion|Mín Corrbhaic ([[Loch an Iúir)]] Bhí cáil ar '''Albert Fry''' ( - 5 Bealtaine 2021) mar ghníomhaí teanga, [...'
(No difference)

Leagan ó 21:00, 5 Bealtaine 2021

Bhí cáil ar Albert Fry ( - 5 Bealtaine 2021) mar ghníomhaí teanga, cheoltóir, ailtire agus mar pheileadóir.[1] Bhí dáimh mhór aige le Gaeltacht Thír Chonaill, áit a raibh teach aige i Mín Corrbhaic, gar de Chroithlí (Loch an Iúir).[2] Chuir sé cúpla glúin faoi dhraíocht leis na leaganacha cruinne binne a bhí aige de chuid d'amhráin mhuintir Rann na Feirste.[3][4]

Mín Corrbhaic (Loch an Iúir)
Íomhá:Conradh-na-gaeilge.jpg

Saol

Tógadh le Béarla Albert Fry i mBéal Feirste. Chuir sé suim sa Ghaeilge nuair a bhí sé ina ghasúr óg, agus thosaigh sé ag triall ar Ghaeltacht Rinn na Feirste i dTír Chonaill, áit ar fhoglaim sé amhráin an cheantair sin.

Fear mór CLG ab ea é. D’imir sé do Na Piarsaigh agus d’Aontroim le linn na 1950idí agus na 1960idí.

Láithreoir raidió agus teilifíse ab ea é chomh maith.

Ba é an chéad duine ón Tuaisceart a bhí ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus bhí sé an-ghníomhach i dtólamh i gCumann Chluain Ard Bhéal Feirste.

Bhí baint mhór ag Albert Fry le bunú agus forbairt Bhunscoil Phobal Feirste sna 1970idí, an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart.

Sa bhliain 2015, bronnadh Gradam Mhic Ádhaimh ar Fry.[5]

Ceol

 

Chuir Gael Linn roinnt singil agus albam dá chuid amach sna 1960idí agus 1970idí.

  • Úr-chnoc Chéin Mhic Cáinte (7", Singil)[6]
  • Fáth Mo Bhuartha (45*)[7]
  • Maidin Luan Cincíse (Singil, Gael Linn, 1969)[8]
  • Tráthnóna Beag Aréir (albam, Gael Linn, SKU: CEFCD193)[9]
  • Thiar i dTír Chonaill (Tor Ceirnín, 1976).[10] I measc na n-amhrán atá le cloisteáil anseo tá ‘Méilte Cheann Dubhrann’ agus ‘Séimí Eoghainín Duibh
  • Albert Fry(LP, albam, Gael-Linn, 1979).[11]
  • Mheall sí lena glórthaí mé (Singil, Gael Linn, 1979)[12]

Féach freisin

Tagairtí

  1. "Albert Fry, duine de mhórGhaeil na hÉireann, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  2. "Mín Corrbhaic/Meencorwick" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  3. Nuacht RTÉ (2021-05-05). "Duine de Ghaeil mhóra Bhéal Feirste Albert Fry tar éis bháis" (as en). 
  4. "Albert Fry" (en). Discogs. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  5. Pól Ó Muirí. "Éirí Amach agus an teanga faoi chaibidil i mBéal Feirste" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  6. "Albert Fry - Úr-chnoc Chéin Mhic Cáinte (7", Single)" (en-ie). eBay. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  7. "Albert Fry "Fath Mo Bhuartha" Irish Press 45*" (en-ie). eBay. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  8. "Albert Fry - Maidin Luan Cincíse" (en). Discogs. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  9. "TRÁTHNÓNA BEAG ARÉIR" (en). Gael Linn. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  10. "Thiar i dTír Chonaill (Tape) | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  11. "Albert Fry [sound recording / Albert Fry]". www.itmacatalogues.ie. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  12. "Mheall sí lena glórthaí mé [sound recording / Albert Fry]". www.itmacatalogues.ie. Dáta rochtana: 2021-05-05.