An difríocht idir athruithe ar: "An Cumann Gaelach (Ollscoil na Banríona)"

Content deleted Content added
No edit summary
ce
Líne 8:
Is iomaí athrú a tháinig ar an tsochaí agus ar an ollscoil ó bunaíodh an Cumann. Sa bhliain [[1906]], ní raibh ach ceithre chéad mac léinn cláraithe ar an ollscoil, agus ina measc seo ní raibh ach cúig [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Chaitliceach]] is fiche - sa lá atá inniu ann, tá thart fá fiche míle mac léinn ar an ollscoil, agus is Caitlicigh breis is leathchuid acu seo. [[An Protastúnachas|Protastúnaigh]] ar fad a bhí i lucht bunaithe an Chumainn. Ní raibh aon baint ag an Ghaeilge leis an pholaitíocht nó leis an tseicteachas in intinn an phobail i rith na tréimhse seo, agus tá sé fós mar phríomhchuspóir ag an Chumann dearcadh neamhsheicteach i leith na Gaeilge a chur chun cinn.
 
=== Sir William Porter MacArthur (1884-1964) ===
Ba é [[William MacArthur]] ([[1884]]-[[1964]]) an chead uachtarán, mac léinn le leigheas a bhí ann nuair a bunaíodh an Cumann, agus d'fhoghlaim sé a chuid Gaeilge i [[Cloch Cheannfhaolaidh|gCloch Cheannfhaolaidh]] in iarthar [[Contae Dhún na nGall|Thír Chonaill]]. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh sé le bheith ina shaighdiúir in arm [[Sasana|Shasana]], agus bhain an teideal 'Lt-Gen. William MacArthur, KCB, DSO, OBE, FRCP, FRCPI' amach dó féin. Is doiligh a shamhlú go mbeidh a leithéid d’Uachtarán againn arís!
 
=== 1920í 7 1930í ===
Ó am a bhunaithe go dtí [[1920]], ní raibh tionchar ar bith ag cúrsaí polaitíochta ar an Chumann. Chuaigh tríoblóidí na 1920idí go mór i bhfeidhm ar ghluaiseacht na Gaeilge ar fud an [[Tuaisceart Éireann|Tuaiscirt]], áfach, agus is ansin a tháinig cuma sheicteach ag an dearcadh a bhí ag daoine i leith na Gaeilge. Ar an drochuair, ní raibh pobal Protastúnach na hollscoile chomh gníomhach sa Chumann ó shin i leith. Idir [[1925]] agus [[1929]] bhí an Cumann beagnach marbh ar fad, go dtí gur tháinig athbheochán ar ghluaiseacht na Gaeilge san ollscoil thart fán bhliain [[1930]].
 
Sa bhliain [[1936]] bunaíodh an Comhchaidreamh, eagras a raibh sé mar chuspóir aige nascanna a chothú idir cumainn Ghaelacha na n-ollscoileanna uilig. Bhí dlúthbhaint ag Cumann na hOllscoile seo leis na cumainn Ghaelacha eile in Éirinn go dtí na 1970idí - bhíodh díospóireachtaí agus drámaí ar siúl ó am go ham a raibh baint ag mic léinn na n-ollscoileanna eile leo - ach ar an drochuair tá na nascanna seo imithe i léig, cé go bhfuil sé ar intinn againn iad a chothú arís.
 
=== 1950í, 1960í 7 1970í ===
Chuaigh an Cumann ó neart go neart idir [[1950]] agus [[1970]], toisc go raibh méadú mór ar líon na mac léinn i rith na tréimhse seo agus go raibh athbheochan cultúrtha na Gaeilge an-láidir i [[Béal Feirste|mBéal Feirste]]. Bunaíodh iris an Chumainn, An Scáthán, sa bhliain 1950, agus eisíodh é trí nó ceithre huaire in aghaidh na bliana. I rith na 1960idí agus na 1970idí, chuaigh baill an Chumainn go [[An Ghaeltacht|Gaeltacht]] [[Béal an Átha Móir|Bhéal an Átha Móir]] i dTír Chonaill go rialta, agus rinne siad a lán oibre ar son an phobail ansin, mar shampla, chuidigh siad le muintir na háite ionad pobail a thógáil. Bhí breis is 300 ball ag an Chumann i rith na 1970idí, rud nach raibh le feiceáil roimhe nó ó shin, ach tá súil againn go mbeidh a leithéid d'athbheochan le feiceáil arís gan mhoill!
 
=== Na laethanta seo ===
Sa lá atá inniu ann, is í an Ghaeltacht a dtugann an Cumann cuairt uirthi go rialta ná [[Rann na Feirste]], toisc go mbíonn na mic léinn le Gaeilge ag freastal ar chúrsaí samhraidh ansin mar chuid den chéim. Téimid go dtí [[an Spidéal]] i [[Contae na Gaillimhe|gCo. na Gaillimhe]] uair sa bhliain fosta, ionas go mbeidh taithí ag na baill ar chanúintí eile na Gaeilge, seachas bheith eolach ar chanúint an Tuaiscirt amháin. Is léir go bhfuil ré úr na Gaeilge le feiceáil ar an ollscoil seo, mar gheall ar ghluaiseacht na Gaelscolaíochta sa chathair seo agus ar fud na Éireann. Tá léar mór daoine anois ar an ollscoil a bhfuil Gaeilge acu, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa, agus is ar na daoine seo a bhíonn an Cumann ag freastal.