An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó hÉalaí"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ba chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta é '''Seán Ó hÉalaí'''. Ba as Contae Mhaigh Eo é. Bhásaigh séar an 11 Nollaig 2017 Ba é Seán Ó hÉalaí...'
 
No edit summary
Líne 3:
Ba é Seán Ó hÉalaí glór Mhaigh Eo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 1978 agus 2001. Gur tháinig a cheapachán ní raibh aon fhostaí de chuid an stáisiúin lonnaithe go lánaimseartha sa limistéar Gaeltachta sin, agus mar chuid dá chuid oibre bhíodh sé ag plé le cúrsaí nuachta agus spóirt, le ceol agus leis an ngné den saol ab ansa leis: caint, comhrá agus seanchas. Le linn an achair sin d’aimsigh Seán líon mór cainteoirí nach gcloisfí a nglór choíche murach é. Dá uireasa ní bheadh fáil ag na glúnta atá le teacht ar shaibhreas a gcuid cainte, ar chumas a gcuid grinn agus ar an eolas a bhí acu ar an stair a bhain leis na ceantair dar díobh iad. Bhí na scórtha acu ann, ach ar an dream ba iomráití acu bhí Seán Ó Dochartaigh as [[Ceathrú Thaidhg]] (nó ‘Stanton’ mar ab fhearr aithne air), Micky Joe Ó Conólaí as [[Ros Dumhach]], Mary John Tom Breathnach as an nGlais ar an bh[[Fód Dubh]], Biddy Phat Mhicil Conboy (Bríd Pheaits Mhicil Ní Loideáin) as [[Ceapaigh na Creiche]] i gCoill an tSiáin i d[[Tuar Mhic Éadaigh]], a rugadh in 1899 agus a raibh cuimhne ghléineach aici ar chuairteanna Phádraig Mhic Phiarais ar an gceantar sin, agus Tony Chatherine Antoine William Ó Cathmhaoil as Buaile an Ghleanna ar an gCorrán, Acaill, údar na leabhar Seanfhocail as Acaill (1995) agus A chomhairle féin do Mhac Anna: seoda as Acaill (1999), leabhair nach mbeadh ann murach Ó hÉalaí.
 
Ba i bPollb[[Poll Raithní]] ar leithinis an Chorráin a rugadh Seán Ó hÉalaí ar an 27 Eanáir [[1938]], an té ba shine de bheirt chlainne a saolaíodh do Tom Sheáin Ó hÉalaí as an mbaile sin agus dá bhean Catherine Terry Ní Ghallchóir. Saolaíodh iníon, Áine May, dóibh an bhliain dár gcionn. Fearacht bhunáite mhuintir Acla ní raibh de rogha ag Tom Sheáin ach aghaidh a thabhairt ar Shasana agus ar Albain, áit a raibh obair le fáil ar fheirmeacha agus ar shuíomhanna tógála fad agus a d’fhan a bhean agus a chlann sa bhaile ag tabhairt aire don gheadán beag talún a bhí ansiúd aige agus a bhfillfeadh sé air gach uile Nollaig nó le hobair an earraigh a dhéanamh.
 
D’fhreastail Seán ar Scoil Náisiúnta Bhéal Feirste agus ina dhiaidh sin ar Mheánscoil Dhamhnait i nGob an Choire, áit a ndearna sé scrúdú na hArdteistiméireachta in 1956. I Londain ag obair lena athair, a bhí anois ina shaoiste ag an gcomhlacht tógála Wimpey, a chaith Seán samhradh na bliana sin agus tar éis tamaill ghairid fuair sé post in oifigí an chomhlachta. As siúd fuair sé post le banc Lloyds. Fad agus a bhí sé i Londain a chuaigh Seán Ó hÉalaí i gConradhg[[Conradh na Gaeilge]], eagraíocht a raibh sé sáite inti ar feadh a shaoil ina dhiaidh sin. Go deimhin, ba ag obair mar thimire de chuid an Chonartha an chéad phost a bhí aige nuair a d’fhill sé abhaile i lár na 1960idí. Fiú ina dhiaidh sin, agus é ag obair mar stiúrthóir réigiúnda leis an tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta i nGaillimhn[[Gaillimh]] i dtosach, agus ina dhiaidh sin i Maigh Eo, bhí Ó hÉalaí sáite sa Chonradh.
 
Sa bhliain 1969 phós sé Finóla Togher as Béal an Mhuirthead agus bhí triúr clainne orthu: Fionán, Ruairí agus Tríona agus iad ina gcónaí i gCeathrú Chalaidh, i gCathair na Mart agus faoi dheireadh i gCaisleán an Bharraigh.
Líne 15:
 
Bhásaigh Seán Ó hÉalaí ar an 11 Nollaig 2017 agus tá sé curtha sa reilig i bPoll Raithní.
 
 
[[catagóir:Craoltóirí]]
[[catagóir:Daoine as Maigh Eo]]
[[catagóir:Timirí]]