An difríocht idir athruithe ar: "Fásteanga"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
Is é an rud atá i gceist le '''fásteanga''' (''creole'créól''' (criól)) ná iar-[[nasctheanga]] a bhfuil cainteoirí dúchais aici. Má shaolaítear clann do lánúin nach bhfuil de theanga chomhchumarsáide acu ach an nasctheanga, foghlaimeoidh an chlann an nasctheanga mar theanga dhúchais, agus nuair a fhoghlaimeoidh, ní bheidh siad i bhfad ag baint a gcasadh féin as an teanga seo. Má fhásteangaítear nasctheanga ar an dóigh seo, is dual di an-saibhreas friotail agus teilgeanacha dúchasacha cainte a fhorbairt go nádúrtha spontáineach, agus rialacha na gramadaí féin ag éirí níos casta. Ansin, is minic nach dtuigeann na tuismitheoirí a gclann go rómhaith, agus an leagan fásteangaithe den nasctheanga á labhairt acu.
 
Sa chuid is mó de na cásanna, tá an nasctheanga fáiscthe as mórtheanga Eorpach ar nós an Bhéarla nó na Fraincise. Bíonn cainteoirí na mórtheanga sin in ann an nasctheanga a thuiscint agus a fhoghlaim go tapa, siúd is go mbíonn siad den bharúil gur leagan truaillithe nó páistiúil den bhunteanga atá ann. Má chloiseann siad na cainteoirí dúchais ag labhairt leagan fásteangaithe den teanga chéanna, beidh siad dallraithe ar fad ag an teanga dhúchoimhthíoch seo, agus is ar éigean a aithneoidh siad aon ghaol aici lena dteanga féin.