An difríocht idir athruithe ar: "Kjartan Fløgstad"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 8:
Chaith an scríbhneoir seal ag staidéar litríochta in Ollscoil Bergen, ach ina dhiaidh sin chuaigh sé ag obair sa tionsclaíocht agus ina mhairnéalach. As an saoltaithí seo a fáisceadh an chéad díolaim filíochta. Sa bhliain 1970 tháinig an chéad leabhar próis i gcló, mar atá, ''Den hemmelege jubel'' ("An Ríméad Rúnda"). Dhá bhliain ina dhiaidh sin d'fhoilsigh sé an leabhar úrscéalta úd ''Fangliner'', inar thug sé cur síos ar shaol an lucht oibre i dteanga an lucht oibre. Bhí blas an Mharxachais le haithint go soiléir ar an leabhar áirithe seo. Maidir leis an úrscéal ''Dalen Portland'', caitheann sé súil ar lucht oibre na hIorua freisin, agus é ag tabhairt cuntais ar fhorbairt na sochaí tionsclaíochta i rith dhá ghlún. An chéad úrscéal eile a scríobh sé, mar atá, ''Fyr og flamme'' ("Tine agus Lasair"), is é is téama dó ná imeacht na sochaí tionsclaíochta, an dóigh a bhfuil sí ag titim as a chéile, agus cultúr aicmeach an lucht oibre ag dul in éag.
 
Chuaigh litríocht agus cultúr [[Mheiriceá Theas]] go mór mór i bhfeidhm ar Fløgstad - is féidir tionchar an réalachais dhraíochtúil a aithint ar a chuid úrscéalta. Scríobh sé roinnt saothar faoin ilchríoch sin, faoina bhfaca sé agus é ar cuairt ansin, chomh maith le cinniúint na n-inimirceánach ón Iorua ansin. D'aistrigh sé filíocht le húdair ó Mheiriceá Theas go hIoruais freisin.