An difríocht idir athruithe ar: "Bokmål"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is éard atá i gceist leis an m'''Bokmål''' ("teanga na leabhar") ná an cineál Ioruaise atá bunaithe ar an Danmhairgis, seachas ar chanúintí na hIorua.'
 
No edit summary
Líne 1:
Is éard atá i gceist leis an m'''Bokmål''' ("teanga na leabhar") ná an cineál [[Ioruais]]e atá bunaithe ar an [[Danmhairgis]], seachas ar chanúintí na hIorua.
 
==An Scaradh leis an Danmhairg==
 
Sa bhliain 1814, scar an Iorua leis an Danmhairg, nó i ndiaidh Chomhdháil Vín fuair an tSualainn an Iorua ón Danmhairg in éiric na Fionlainne, a bhí sealbhaithe ag an Rúis i gCogadh na Fionlainne 1808-1809. Roimhe sin, ba í an Danmhairgis teanga oifigiúil na hIorua, agus teanga na leabhar is na litríochta san Iorua. Le teacht an Aontais leis an tSualainn áfach ní raibh an Danmhairgis riachtanach mar theanga oifigiúil a thuilleadh, agus ó nach ndearna na Sualannaigh iarracht ar bith lena dteanga féin a chur i bhfeidhm ar an Iorua, bhí cead ag na hIoruaigh a dteanga a roghnú mar ab fhearr leo féin.
 
==An Diospóireacht Teanga sna 1830idí==
 
Bhí an chosmhuintir ag labhairt a gcuid canúintí féin, ach is í an chaint a bhí ag na daoine galánta ná ''den dannede daglegtale'' nó "an chaint laethúil ardoideachais/shibhialta". Is éard a bhí i gceist leis an ''dannede daglegtale'' ná Danmhairgis a bhí breac le tionchar ón Ioruais agus í á fuaimniú de réir fhoghareolaíocht na gcanúintí Ioruaise. Sna 1830idí thosaigh na hintleachtóirí Ioruacha ag díospóireacht faoin gcineál Ioruaise a bheadh ag teastáil feasta. Bhí dhá dhream ann go bunúsach: iad siúd a bhí barúlach go mba chóir an Danmhairgis a thabhairt chun Ioruachais de réir a chéile, agus iad siúd ar theastaigh teanga chaighdeánach nua uathu, agus í bunaithe ar na canúintí dúchasacha. Ba iad an scríbhneoir Henrik Wergeland agus an teangeolaí Knud Knudsen a bhí ag éileamh go dtabharfaí an Danmhairgis chun Ioruachais, agus is é an meas atá orthusan inniu gurbh iadsan a chuir tús leis an ''Riksmål'' (níos déanaí, ''Bokmål'') mar theanga.