An difríocht idir athruithe ar: "Ulysses (úrscéal)"

Content deleted Content added
{{Teimpléad:WD Bosca Sonraí Leabhar}}
Líne 17:
=== Leagan Gaeilge===
 
''Uiliséas'' is teideal don aistriúchán Gaeilge. [[Séamas Ó hInnéirghe]], [[Breasal Uilsean]] agus, [[Séamas Ó Mongáin|Séamas Ó Mongáin agus Breasal Ó hInneirge]] a d'aistrigh ón mBéarla é. D'fhoilsigh [[Foillseacháin Inis Gleoire]] imleabhair de na caibidlí eagsúla idir na blianta [[1987]] agus [[1992]].<ref>http://catalogue.nli.ie/Record/vtls000021775 </ref>
 
Oifigeach leighis san [[RAF]] a bhí sa Dr. James Henry agus fuair sé cabhair óna dheartháir céile as Maigh Eo, Basil Wilson, fear a raibh Gaeilge na hAlban aige chomh maith leis an nGaeilge. Tháinig [[Séamas Ó hInnéirghe|Ó hInnéirghe]] ar an saol sa bhliain 1918 i n[[Dumha Thuama]] i nGaeltacht [[Mhaigh Eo]]. Rinne sé staidéar ar an leigheas i g[[Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath]] agus bhí cleachtas aige i mBéal Feirste - baile dúchais a mhná céile – ar feadh tamaillín. Chláraigh sé leis an RAF agus cuireadh thar sáile é áit ar tháinig galar air a d'fhág gurbh éigean do éirí as agus é amach sna 50idí. Bhain sé gradam Captaen Grúpa amach. Riamh anall, bhí Ó hInnéirghe faoi dhraíocht ag saothair James Joyce. Chuir a col ceathair, Mary, cóip de Ulysses chuige ó Mheiriceá agus chuir an leabhair faoi gheasa é. ‘Foilseacháin Inis Gleoire’ a d’fhoilsigh an leagan Gaeilge de réir a chéile i mBéal Feirste, dream ar deacair teacht ar aon eolas ina dtaobh.<ref>{{Lua idirlín|url=https://nos.ie/cultur/leabhair/ulysses-lig-ort-gur-leigh-tu-an-leabhar/|teideal=Ulysses: Lig ort gur léigh tú an leabhar!|údar=Eoin P. Ó Murchú|language=en-US|work=NÓS|dátarochtana=2020-06-17}}</ref>