An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
m mioncheartú
Líne 124:
Bhí na sagairt Chaitliceacha, nó an chuid ab fheiceálaí acu, - bhí siad ag lochtú mhí-úsáid na láimhe láidre ar an dá thaobh. Má bhí féin, b'iad na hÓglaigh a fuair an chuid ba mheasa den íde bhéil, nó bhí sé i ndúchas agus i dtraidisiún na hEaglaise Caitlicí Poblachtánachas na láimhe láidre a dhamnú.
[[Íomhá:Irish War of Independence (5727853084).jpg|clé|mion|[[tine]], British and Irish Steam Ship Co., 5 Bealtaine 1921]]
Is é an rud a dúirt Easpag na [[Mainistir na Coille Móire|Coille Móire]], an Dochtúir Finnegan: ''Ní féidir a rá go bhfuil cúis uasal le haon chogadh, ach dóchas ceart a bheith as an mbua, agus bunús maith leis an dóchas sin. Cén dóchas a bheadh ag aon duine as bua a bhreith ar chumhachtaí dochuimsitheacha na h[[Impireacht na Breataine|Impireachta]]? Diabhal an drae dóchas, muis; agus ós cogadh gan chúis dhlíthiúil atá ann, an té a mharóidh duine eile sa chogadh seo, níl ach gnáth-dhúnmharú déanta aige.'' Bhí an port céanna ag Ard -Easpag [[Tuama|Thuama]], an Dochtúir Mac Giolla Mháirtín, agus é den bharúil ''go raibh síocháin Dé briste'' acu siúd a ghlac páirt sna hionsaithe eadarnaíocha ar na Sasanaigh: ''tá siad ciontach sa dúnmharú''.
[[Íomhá:Soldiers attending fire aftermath, Parkgate Street, Dublin 1920s (5796288940).jpg|mion|4 Meitheamh 1921, [[tine]], Sráid Parkgate, BÁC]]
Mar sin féin, bhí an Pápa [[Beinidict a Cúig Déag]] den bharúil, sa litir a chuir sé chuig rialtas Shasana, ná gur chóir do lucht an dá thaobh breith ar a stuaim agus comhréiteach éigin a oibriú amach. Is é an rud a bhí ag teastáil ó na Sasanaigh ná go ndamnódh an Pápa na hÓglaigh, agus anois, bhí an-fhearg orthu go gcuirfeadh an Pápa rialtas ríoga na Breataine Móire ar aon leibhéal leis na "dúnmharfóirí" Éireannacha.