An difríocht idir athruithe ar: "Bokmål"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 8:
 
Bhí an chosmhuintir ag labhairt a gcuid canúintí féin, ach is í an chaint a bhí ag na daoine galánta ná ''den dannede daglegtale'' nó "an chaint laethúil ardoideachais/shibhialta". Is éard a bhí i gceist leis an ''dannede daglegtale'' ná Danmhairgis a bhí breac le tionchar ón Ioruais agus í á fuaimniú de réir fhoghareolaíocht na gcanúintí Ioruaise. Sna 1830idí thosaigh na hintleachtóirí Ioruacha ag díospóireacht faoin gcineál Ioruaise a bheadh ag teastáil feasta. Bhí dhá dhream ann go bunúsach: iad siúd a bhí barúlach go mba chóir an Danmhairgis a thabhairt chun Ioruachais de réir a chéile, agus iad siúd ar theastaigh teanga chaighdeánach nua uathu, agus í bunaithe ar na canúintí dúchasacha. Ba iad an scríbhneoir Henrik Wergeland agus an teangeolaí Knud Knudsen a bhí ag éileamh go dtabharfaí an Danmhairgis chun Ioruachais, agus is é an meas atá orthusan inniu gurbh iadsan a chuir tús leis an ''Riksmål'' (níos déanaí, ''Bokmål'') mar theanga.
 
Bhí ina chogadh dearg idir Wergeland agus [[Johan Sebastian Welhaven]] agus Wergeland. Is é an bharúil a bhí ag Welhaven nach mba chóir an Danmhairgis ghlan a chur ó mhaith trí fhocail nó foirmeacha Ioruacha a mheascadh tríthi: theastaigh uaidh an caighdeán céanna a bheith in úsáid san Iorua agus sa Danmhairg go deo. Ón taobh eile de, ní raibh Wergeland ar aon fhocal le hIvar Aasen ach an oiread. Bhí Aasen barúlach go mba chóir [[Nynorsk|teanga nua]] a chaighdeánú agus í bunaithe ar chaint na ndaoine san Iorua.
 
Is éard a bhí ag teastáil ó leithéidí Knudsen agus Wergeland ná an teanga chaighdeánach a chur in oiriúint don fhíorfhuaimniú ar a laghad - na focail a litriú mar a d'fhuaimnítí sa ''dannede daglegtale'' iad. Thar aon rud eile bhí siad inbharúla nach raibh sé ciallmhar ''b'', ''d'' agus ''g'' a scríobh ar lorg an ghuta má ba é ''p'', ''t'', ''k'' an fíorfhuaimniú. Thairis sin ní raibh úsáid na litreach ''æ'' ag cloí le fuaimniú na Danmhairgise féin gan aon trácht a dhéanamh ar an Ioruais, agus b'fhearr le lucht leasaithe na teanga ''e'' a thabhairt isteach sa chuid ba mhó de na focail.
 
==Na hAthruithe Teanga sa Dara Leath den Naoú hAois Déag==