An difríocht idir athruithe ar: "Bokmål"

Content deleted Content added
Líne 14:
 
==Na hAthruithe Teanga sa Dara Leath den Naoú hAois Déag==
 
Is iomaí craiceann a chuir an teanga di i rith na naoú haoise déag. Caitheadh foirmeacha iolra na mbriathar i dtraipisí: roimhe sin ba nós ''jeg er'' ("tá mé") agus ''vi ere'' ("tá muid") a scríobh, ach anois bhí sé ceart ''vi er'' a úsáid. Dhá nós eile a chuaigh in éag sa tréimhse seo ná na litreacha dubha Gearmánacha - ba iad na gnáthlitreacha Laidineacha a d'éirigh coitianta san am - agus cleachtadh eile a tháinig ón nGearmáinis, is é sin, an cás uachtair i dtús na ngnáth-ainmfhocal. Sa bhliain 1879 ceadaíodh do na daltaí a ngnáthchanúint a labhairt sna scoileanna: chaithfidís an caighdeán scríofa a fhoghlaim, ach ní chaithfidís a dteanga labhartha a mhúnlú air a thuilleadh.