An difríocht idir athruithe ar: "Bokmål"

Content deleted Content added
Líne 15:
==Na hAthruithe Teanga sa Dara Leath den Naoú hAois Déag==
 
Is iomaí craiceann a chuir an teanga di i rith na naoú haoise déag. Caitheadh foirmeacha iolra na mbriathar i dtraipisí: roimhe sin ba nós ''jeg er'' ("tá mé") agus ''vi ere'' ("tá muid") a scríobh, ach anois bhí sé ceart ''vi er'' a úsáid. Dhá nós eile a chuaigh in éag sa tréimhse seo ná na litreacha dubha Gearmánacha - ba iad na gnáthlitreacha Laidineacha a d'éirigh coitianta san am - agus cleachtadh eile a tháinig ón nGearmáinis, is é sin, an cás uachtair i dtús na ngnáth-ainmfhocal. Sa bhliain 1879 ceadaíodh do na daltaí a ngnáthchanúint a labhairt sna scoileanna: chaithfidís an caighdeán scríofa a fhoghlaim, ach ní chaithfidís a dteanga labhartha a mhúnlú air a thuilleadh. Mhothaigh na múinteoirí áfach go raibh an difríocht idir an teanga scríofa agus an chaint ag éirí rómhór, agus go mbeadh sé géar-riachtanach rud éigin a dhéanamh leis an difríocht seo a laghdú. Sa bhliain 1885 tháinig an dlí a d'fhoráil go mbeadh an ''landsmål'' (mar a thugtaí ar an [[Nynorsk]] san am) agus an ghnáth-theanga scríofa ar aon stádas le chéile mar theangacha oifigiúla caighdeánacha. Sa bhliain 1892 chinn an t-údarás scolaíochta agus oideachais, ''Skolestyrelsen'', go raibh na daltaí scoile go léir le ''léamh'' an dá chineál Ioruaise a fhoghlaim, cé nach bhfaighidís an ''teagasc'' ach i gceann den dá theanga.
 
==An Chéad Leath den Fhichiú hAois==
 
Sa bhliain 1901 caitheadh na túslitreacha móra Gearmánacha agus foirmeacha iolra na mbriathar i dtraipisí go hoifigiúil. Thairis sin fuair na briathartha an iarmhír ''-a'' san aimsir chaite, seachas ''-ade''.
 
Sa bhliain 1905 scoireadh Aontas na Sualainne agus na hIorua, agus bhain an Iorua amach neamhspleáchas iomlán. Ón mbliain 1899 bhí gluaiseacht láidir ''riksmål'' ag obair sa tír - bhí lucht leanúna an ''riksmål'' buartha go raibh an ''[[Nynorsk|landsmål]]'' leis an Iorua go léir a shealbhú, ionas nach mbeadh a dhath fágtha den tseanteanga Dhanmhargach-Ioruach. Sa bhliain 1907 fuair an ''riksmål'', an leagan leasaithe den Ioruais-Dhanmhairgis, stádas oifigiúil san Iorua. Rinneadh ''tap'' den fhocal ''tab'', ''bok'' den fhocal ''bog'' agus ''mat'' den fhocal ''mad''. Tugadh isteach foirmeacha malartacha deonacha, agus iad bunaithe ar an ngnáthchaint.