An difríocht idir athruithe ar: "Mearcair (pláinéad)"

Content deleted Content added
mNo edit summary
chlib amháin: Reverted
Níl sé ceart an t-alt a úsáid anseo.
Líne 15:
Tá aithne ag an gcine daonna ar Mhearcair ó laethanta na réalteolaithe Suiméaracha ar aghaidh, ar a laghad. Bhí siadsan ag obair chomh fada siar leis an tríú mílaois roimh bhreith Chríost, agus is é an t-ainm a bhaist siad ar an bpláinéad seo ná ''Ubu-im-gud-ud''. B'iad na Bablónaigh ba thúisce a rinne mionstaidéar ar ghluaiseacht Mhearcair ar an spéir, agus iad ag tabhairt ''Gu-ad'' nó ''Gu-utu'' air. Na sean-Eabhraigh, ansin, d'aithin siad go raibh an pláinéad seo ag cloí go dlúth leis an nGrian, agus is é an t-ainm a bhí acu air ná Kochav-hama, כוכב חמה mar a litrítear as Eabhrais é, a chiallaíonn Réalta na Gréine. Shíl na sean-Ghréagaigh, arís, gur dhá réalta éagsúla a bhí ann, mar atá, Apollo agus Hermes. De réir a chéile, áfach, tháinig an tuiscint acu nach raibh i gceist ach aon rinn neimhe amháin. B'é Piotagóras, fear na triantánachta féin, ba thúisce a thuig é. D'aithin Heiriclít, fiú, go raibh Mearcair agus Véineas ag timpeallú na Gréine, seachas a bheith ag fithisiú an Domhain.
 
[[Íomhá:Caloris basin labeled.png|thumb|left|200px|An [[Imchuach Caloris]]]]
 
Sa bhliain 1631, chuir Pierre Gassendi, roimh aon duine eile, sonrú i Mearcair le linn é a bheith ag dul trasna na Gréine ar an spéir. Bhí an trasdul seo tuartha ag Johannes Kepler roimh ré, ach b'é Gassendi an chéad réalteolaí a rinne breathnuithe ar a leithéid. Sa bhliain 1639, arís, d'éirigh le Giovanni Zupi, agus é i muinín teileascóip, a aithint go raibh céimeanna fithise ag Mearcair, cosúil le céimeanna Véineas agus céimeanna na Gealaí. Ba chruthúnas é sin go raibh Mearcair ag timpeallú na Gréine.