An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Fionlainne (1808-1809)"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is éard a bhí i gceist le '''Cogadh na Fionlainne''' ná cogadh a chuir Impireacht na Rúise ar an tSualainn sna blianta 1808-1809 agus a rinne cúige Rúiseach de ch...'
(No difference)

Leagan ó 06:27, 14 Meitheamh 2021

Is éard a bhí i gceist le Cogadh na Fionlainne ná cogadh a chuir Impireacht na Rúise ar an tSualainn sna blianta 1808-1809 agus a rinne cúige Rúiseach de chríocha thoir na Sualainne (is é sin, den Fhionlainn). Ba é ba chúis leis an gcogadh ná an conradh síochána a shínigh an Fhrainc agus an Rúis in Tilsit sa bhliain 1807. Rinne an conradh comhghuaillí de chuid na Fraince den Rúis, agus theastaigh ón bhFrainc brú a chur ar an tSualainn, ionas go mbeadh sí sásta páirt a ghlacadh i gCóras na Mór-roinne, is é sin an t-imshuí trádála a bhí i bhfeidhm ag an bhFrainc in aghaidh na Breataine Móire.

Roimh an gcogadh ní raibh an Rúis lena cuid a dhéanamh den Fhionlainn go fóill - ní choinnídís an limistéar ach go sealadach, go dtí go mbeadh an tSualainn sásta dul i gCóras na Mór-roinne. Tháinig na Rúisigh ar athchomhairle go sciobtha i ndiaidh thús an chogaidh, áfach, ó bhí siad barúlach go raibh an Fhionlainn ag bagairt ar Chathair Pheadair, dá bhfanfadh an tSualainn ina seilbh. Bhí siad buartha faoi dhaingean Sveaborg in aice le Heilsincí freisin, ós bunáit láidir a bhí ann a d'fhéadfadh na Sualannaigh a úsáid le haghaidh ionsaithe ar Chathair Pheadair nó ar thailte na Rúise timpeall Mhuir Bhailt.

I ndiaidh an chogaidh, rinneadh Ard-Diúcacht den Fhionlainn - is é sin, fuair an tír stádas fhéinrialaitheach mar chuid den Rúis.