An difríocht idir athruithe ar: "Pentti Linkola"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
 
[[Scríbhneoir]], [[fealsamh]] éiceolaíoch, éaneolaí féinteagasctha agus easaontóir [[An Fhionlainn|Fionlannach]] ab ea '''Kaarlo Pentti Linkola''' ([[7 Nollaig]] [[1932]] i [[Heilsincí]] - [[4 Aibreán]] [[2020]] in Valkeakoski). Cé gur sa phríomhchathair a saolaíodh é, chaitheadh sé cuid mhór dá am faoin tuath, agus chuir sé suim i gcúrsaí na timpeallachta agus na héiceolaíochta luaithe go leor. Chaith sé cúpla bliain ag staidéar bitheolaíochta in [[Ollscoil Heilsincí]], ach d'éirigh sé as go luath, ó b'fhearr leis bheith ag éanadóireacht amuigh faoin aer. Chuidigh sé leis na héaneolaithe ag déanamh breathnóireachta agus ag coinneáil súile ar na héanhéin, agus scríobh sé caibidlí dá lán foilseachán faoi éin na Fionlainne.
 
Sa bhliain 1959, chrom sé ar an iascaireacht mar shlí bheatha. Faoin am céanna, thosaigh sé ag scríobh paimfléid faoin teideal ''Isänmaan ja ihmisen puolesta eikä ketään vastaan'' ("Ar mhaithe leis an tír dhúchais agus leis an duine, gan dochar a dhéanamh d'aon duine"). Tháinig an paimfléad i gcló sa bhliain 1960. B'é ab ábhar don phaimfléad ná cúrsaí na síochána agus an tsíochánachais, nó bhí sé ag moladh do na daoine óga gan dul sna saighdiúirí agus an tseirbhís neamharmtha a roghnú ina áit. Ba scannal mór é sin san am, nó bhí an coinscríobh éigeantach san Fhionlainn ansin (agus tá sé i bhfeidhm inniu féin), agus cé gur cheadaigh an dlí an tseirbhís neamharmtha, bhí an chuid ba mhó den tsochaí an-naimhdeach ina leith siúd a roghnaigh í. Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh sé as an síochánachas, nuair a thosaigh sé ag craobhscaoileadh an [[Darwineachas|Darwineachais]] shóisialta.