An difríocht idir athruithe ar: "Aispeist"

Content deleted Content added
Líne 36:
Tá fianaise ann go raibh an aispeist á húsáid 4,500 bliain ó shin, ar a laghad, nó bhíodh muintir an réigiúin timpeall ar Loch Juojärvi in Oirthear na Fionlainne ag cur sracadh ina gcuid earraí potaireachta leis an mianra aispeiste ar a dtugtar antaifillít. Is dócha gurbh é an Gréagach Theophrastus an chéad duine a luaigh an aispeist sa saothar a bhreac sé síos faoi chlocha timpeall na bliana 300 r.Ch., cé nach bhfuiltear ar aon fhocal faoi gurbh í an aispeist a bhí i gceist aige. Sa dá chineál Gréigise - Nua-Ghréigis agus Sean-Ghréigis - is é an focal a thagraíonn don aispeist ná ''amiantos'' ("glan", "neamhshalaithe"), focal a chuaigh in úsáid san Fhraincis mar ''amiante'' agus sa Spáinnis agus sa Phortaingéilis mar ''amianto''. Is é is aonchiall leis an bhfocal Gréigise úd ''asvestos/ἀσβεστος'' nó ''asvestis/ασβέστης'' ná aol.
 
Is féidir an téarma úd aispeist nó ''asbestos'' a rianú siar go dtí an lámhscríbhinn úd ''Naturalis Historia'' nó Stair an Dúlra a tháinig ó pheann Plinius Maior (sean-Phlinias) sa chéad aois A.D. Ba é an téarma a bhí aige ná ''asbestinon'', "an rud domhúchta". Is minic a deirtear gurbh é Plinius Maior nó a nia, Plinius Minor (Plinius Óg), an chéad duine a d'aithin an dochar atá san aispeist do shláinte an duine dhaonna, ní féidir a leithéid de thagairt a aithint i saothar aon duine den dá Phlinias.
 
===Ré na Tionsclaíochta===