An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
Líne 36:
 
Ar an [[13 Bealtaine]] [[1975]], d'fhág Murphy príosún [[An Cheis Fhada|na Ceise Fada]]. San am seo, tháinig scoilt idir na sean-Dílseoirí a bhí fanta sa bhraighdeanas agus na sceimhlitheoirí óga a bhí taobh amuigh. Faoi thionchar [[Sóisialachas|an tSóisialachais]] agus na smaointeoireachta nua-aoisí eile a bhí ag éirí coitianta i measc na bPoblachtánach, d'fhéach lucht na carcrach - daoine cosúil le Gusty Spence - le hidé-eolaíocht chasta pholaitiúil a fhorbairt do ghluaiseacht na nDílseoirí. Ní raibh mórán suime ag na fir óga amuigh i dteoiricí na gcrannlaochra, nó ní dheachaigh siad sna Dílseoirí ar lorg ceachtanna polaitiúla, ach ar lorg sceitimíní na gleice armtha. Fir ab ea iad seo a d'fhear fíorchaoin fáilte roimh Lenny Murphy nuair a d'fhill sé ar an tSeanchill, ó b'eisean an cineál ceannaire a bhí ag teastáil uathu. Bhíodh sé ag gnáthú an ''Brown Bear'', teach tábhairne i [[Bóthar na Seanchille|mBóthar na Seanchille]], agus ba ghnách le muintir an cheantair tagairt dá dhrong mar "lucht an ''Brown Bear''". Ón tús, bhí iompairc agus iomaíocht áirithe le haithint idir lucht an ''Brown Bear'' agus iad siúd a thagadh le chéile sa ''Windsor Bar'', píosa éigin bealaigh ar shiúl ón ''Brown Bear''.
[[Íomhá:Berlin Arms, Shankill Road, Belfast. - panoramio.jpg|mion|An pub úd ''Berlin Arms'', inniu ''Bar Berlin'', chois [[Bóthar na Seanchille]]]]
B'Ba iad Basher agus Big Sam a chabhraigh le Lenny baicle dá chuid féin a bhailiú timpeall air féin. D'éirigh le coirpeoir óg eile, fear darbh ainm William Moore, mórtachas maith a dhéanamh le Lenny. Fear údarásúil ab ea Lenny mar a chonacthas dó é, fear a raibh staidiúir an oifigigh agus an fhíorshaighdiúra air, agus chuaigh sé go mór mór i gcion ar Moore. Cé go raibh taifead coiriúil aige ón mbliain [[1966]] anuas, ní raibh na péas in ann gníomhaíocht pharaimíleata a shamhlú leis. Thairis sin, bhí sé ag obair ina thiománaí tacsaí - ceann de na [[Tacsaithe Dubha Bhéal Feirste|tacsaithe dubha]] - agus é ina bhall de chumann tiománaithe tacsaí na Seanchille.
[[Íomhá:Shankill bonfire - panoramio.jpg|mion|Tine chnámh chois [[Bóthar na Seanchille|Bhóthar na Seanchille]]]]
I Meán Fómhair [[1975]], bhí Lenny tar éis an oiread fear a fhruiliú agus go raibh a dhrong inchomórtais le muintir an ''Windsor Bar''. Thairis sin, nuair a bhí baicle láidir dá chuid féin aige, d'fhéadfadh sé a chuid dúnmharuithe agus coireanna eile a dhéanamh beag beann ar lucht ceannais an UVF. Bhí fiche fear ann anois, agus iad ina mionchoirpigh agus ina n-ógchiontóirí, an chuid ba mhó acu. Bhí fuath na ndaol acu do na Caitlicigh, agus iad sochomhairleach go leor, má bhí duine chomh dásachtach le Murphy i gceannas orthu.