An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
Líne 42:
 
=== An tIonsaí ar an Siopa Biotáille ===
[[Íomhá:Welcome to the Shankill - panoramio.jpg|mion|Fógrán fáilte chois [[Bóthar na Seanchille]]]]
Ar an [[2 Deireadh Fómhair]] [[1975]], d'ionsaigh ceathrar fear den drong - Lenny féin, Moore, fear darbh ainm William Arlow Green agus a dheartháir siúd Thomas Noel Green siopa biotáille a bhí suite idir na Fáil agus an tSeanchill. Nuair a bhí a chuid fear ag bagairt a gcuid gunnaí ar fhoireann an tsiopa, bhí Lenny ag éileamh airgid agus ag siortú na háite go léir ag iarraidh teacht ar chiste an tsiopa. Ní raibh airgead le fáil san áit, agus mharaigh Murphy agus a chuid fear beirt bhan meánaosta agus beirt fhear óg a bhí ag obair ansin: Frances Donnelly agus Marie McGrattan, ar deirfiúracha iad, chomh maith le Gerard Grogan agus Thomas Osborne. Bhí siombailí Caitliceacha le feiceáil timpeall na háite, agus an ceathrar acu ina gCaitlicigh fosta. B'Ba é Thomas Osborne an t-aon duine acu nach bhfuair bás ar an toirt, ach goineadh go tromchúiseach é, agus shíothlaigh sé san ospidéal i gceann trí seachtaine eile.
 
Rug na péas ar Noel agus William Green, agus cuireadh ceastóireacht ar an mbeirt deartháireacha, ach níor baineadh oiread is focal astu faoi ról Murphy agus Moore sna himeachtaí. Is é an scéal a d'inis William do na péas nach raibh i gceist ach gnáthrobáil a ndearnadh praiseach di agus gur maraíodh foireann an tsiopa de thaisme. Le fírinne, áfach, ba léir do na péas cheana féin go raibh cuma an mhurdair sheictigh ar an iomlán. Sa deireadh, phléadáil na deartháireacha ciontach, agus cuireadh sa phríosún iad. Bhí siad chomh scanraithe roimh Murphy agus nach rithfeadh leo sceitheadh air. Mar sin, tháinig na fíorbhithiúnaighfíorchiontóirí - Murphy agus Moore - slán.
[[Íomhá:UK mural, Shankill - panoramio.jpg|mion|[[Bóthar na Seanchille]]]]