An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"
Content deleted Content added
Líne 60:
Mar a dúradh roimhe seo, bhí an lucht ceannais nua díreach ag iarraidh na gnáthchoirpeoirí a ruaigeadh a raibh éirithe leo seangú isteach san UVF, agus le nach dtuigfí gur daoine acu siúd iad féin, thoiligh Murphy agus a dhrong cabhrú leis an lucht ceannais san obair seo. Is é an jab a fuair siad ná triúr ciontóirí a cheapadh agus pionós a chur orthu. Bhí baint ag an triúr le drong an ''Windsor Bar'', agus iad tar éis buirgléireacht a dhéanamh i dteach seanmhná Protastúnaí. Socraíodh go lámhachfaí sa ghlúin iad, mar ba nós leis na paraimíleataigh, agus tugadh an triúr acu go dtí an ''Brown Bear'' le go gcuirfí ceastóireacht orthu. Bhí Murphy ábalta iad a imeaglú chun a gcoireanna a admháil, ach nuair a bhí an pionós ag dul dóibh, bhí an oiread faitís ar dhuine acu - fear darbh ainm Stewartie Robinson, a raibh clú an [[Spraoithiomáint|spraoithiománaí]] mhóir air - is go ndearna sé iarracht éalú. Lámhach duine de lucht leanúna Murphy, Archie Waller, sa droim é - is dócha gur rud a bhí ann a rinne Waller ina ainneoin féin - agus bhí Robinson marbh ar an toirt. Dumpáladh a chorpán i bhfad ón áit ar fágadh an bheirt eile ina luí - bacach is mar a bhí siad, bhí siad beo, ar a laghad. Ina dhiaidh sin, rinne Murphy a dhícheall a shéanadh go mbeadh baint ar bith ag bás Robinson le glúinlámhach na beirte eile.
Mar sin féin, fuair drong an ''Windsor Bar'' amach faoina raibh déanta, agus ó
[[Íomhá:Lawnbrookclub.jpg|clé|mion|
Mar sin féin, nuair a tháinig lucht an ''Brown Bear'' le chéile i dtolglann an ''Lawnbrook Social Club'' ar an 30 Samhain leis an scéal a phlé, d'ordaigh Murphy dá chuid fear an triúr go léir a mharú. San am céanna, bhí teachtaireacht curtha aige faoi choim chuig Stewart, le go bhféadfadh seisean dul i bhfolach go ceann tamaill. Chuaigh Moore, McAllister agus Bates go dtí an ''Windsor Bar'' le cur in iúl do ghnáthóirí na háite go raibh Stewart, Shaw, agus Balmer ag teastáil ó Lenny Murphy. Agus an cháil a bhí ar Lenny i measc na nDílseoirí, ní fhéadfá diúltú don chineál sin cuiridh. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh ach Shaw ann agus é ag ól ina aonar. Nuair a tháinig an triúr trasna air, chimigh siad é ar an toirt agus thug siad go
=== Dúnmharú Bhóthar Cliftonville ===
|