An difríocht idir athruithe ar: "Éire agus an Bhreatain Mhór"

Content deleted Content added
Changed to the neutral terms used in english by Irelands government and other states dealing with Ireland
added diagram of Atlantic Archipelago
Líne 3:
 
Is iad na carraigeacha is sine san oileánra ná na cinn atá le fáil in iarthuaisceart na hAlban, in Éirinn agus i dtuaisceart na Breataine Bige, atá tuairim is 2,700 milliún bliain d'aois. I gcaitheamh na Ré Siolúraí d'imbhuail na réigiúin thiar thuaidh faoi na réigiúin thoir theas, a bhíodh mar chuid de mhórchríoch eile. I gcodarsnacht le formhór na n-oileánraí timpeall na cruinne, creidtear go bhfuil topagrafaíocht na n-oileán seo sách measartha sa chaoi is nach bhfuil sléibhte ná aillte fíor-arda ná aibhneacha rí-fhada ná locha ró-fhairsing le fáil ann. Éiríonn Beinn Nibheis suas go hairde de 1,344 meadar (4,409 troigh), rud a chiallaíonn nach bhfuil sí chomh hard le mórchuid sliabhraonta an domhain. Seasann Loch nEathach amach san oileánra toisc go bhfuil sé go follasach níos mó ná bunús na lochanna sna hoileáin, ach ní chlúdaíonn sé ach achar de 390 ciliméadar cearnaithe (is é sin le rá 151 míle cearnaithe). Tá aeráid mheasartha mhara le teannadh ina réaltar geimhridh shéimhe agus samhraidh theo.
[[Íomhá:The Atlantic Archipelago.png|mion|The Atlantic Archipelago]]
 
Is í [[An Ríocht Aontaithe]] í an tír is mó ann (ina n-áirítear na ceithre réigiún; Alba, Tuaisceart Éireann, Sasana agus an Bhreatain Bheag). Lena chois sin tá spleáchais de chuid na Corónach ann freisin (mar atá [[Oileán Mhanann]] agus [[Oileáin Mhuir nIocht]]): níl siad mar chuid den Ríocht Aontaithe cé nach bhfuil neamhspleáchas iomlán acu. Is í [[Poblacht na hÉireann]] an t-aon tír eile.