An difríocht idir athruithe ar: "Foclóir Mháirtín Uí Chadhain"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Togra digiteach foclóireachta ó [[Acadamh Ríoga na hÉireann]] é '''Foclóir Mháirtín Uí Chadhain''' a tháinig amach sa bhliain [[2021]].
 
Tá sé bunaithe ar an méid a scríobh [[Máirtín Ó Cadhain]], faoi 850 ceannfhocal, ó chanúint a dhúiche féin agus ó mhórcheantar Gaeltachta na [[Gaillimh]]e. Áirítear sa mhéid sin 16,151 de shleachta samplacha ina bhfuil breis agus 500,000 focal de théacs ina iomláine. Cuiredhn in eagar na bunlámhscríbhinní a chuir an Cadhnach chuig an n[[Gúm]] idir na blianta [[1937]] agus [[1946]]. Trí cinn d'eagráin den téacs atá i gceist: eagrán sa nualitriú, eagrán sa bhunlitriú, agus tras-scríbhinn den ábhar díreach mar a bhí sé ag an gCadhnach. Tá sé i gceist go gcuirfear tuilleadh ábhair leis amach anseo. Charles Dillon Eagarthóir [[Foclóir Stairiúil naGaeilgena Gaeilge]] ó [[Acadamh Ríoga na hÉireann]].
 
Idir na blianta 1937 agus 1946, bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain ag obair faoi scéim de chuid an Ghúim ag bailiú focal agus leaganacha cainte as Gaeltacht na Gaillimhe. Le linn na tréimhse sin, chuir Ó Cadhain breis agus aon mhilliún focal d’ábhar chuig an nGúm, agus sin in ord agus in eagar faoi bhreis agus 1,000 ceannfhocal. Anuas air sin, chuir sé samplaí ar fáil, a bhí bunaithe ar chaint bheo na háite, mar léiriú ar bhrí agus ar úsáid na bhfocal. Tugann na blúiríní beaga seo léargas dúinn ar ghnáthshaol na Gaeltachta.