no edit summary
m wikidata interwiki |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Ohm's Law with Voltage source TeX.svg|mion|[[Dlí Ohm]]]]
Nuair a shreabhann lucht [[Leictreachas|leictreach]] trí ábhar ar bith, bíodh an lucht deimhneach nó diúltach, is é '''sruth leictreach''' a thugtar ar an méid lucht a ritheann thar ionad ar leith in aghaidh an t[[soicind]]. Is é an [[aimpéar|t-aimpéar]] an t-aonad ina dtomhaistear sruth leictreach, agus is é ''A'' an nod ar an aimpéar. Is ionann aimpéar agus cúlóm luchta a rith thart gach uile shoicind.
An sruth a shreabhadh in aon treo amháin an t-am go léir - is sruth díreach (s.d) an uair sin é. Glactar leis gurb é treo an tsrutha: treo coibhéiseach shreabhadh an luchta dheimhnigh. Is é a mhalairt sin, dá réir sin: i gcoinne shreabhadh an luchta dhiúltaigh.
Is sruth díreach a fhaightear ó [[chill leictreach|cill leictreach]]. I gcás an [[dineamó]] afách, is sruth malartach nó sruth ailtéarnach (s.a.) a shreabhann uaidh sin i dtreo amháin leath an ama, agus sa treo eile, an leath eile den am.
An t-ábhar a sreabhann an sruth tríd - [[seoltóir leictreach]] a thugtar air.
Scríobh Matt Husseyː<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Matt Hussey|date=2011|title=Fréamh an Eolais|volume=Coiscéim}}</ref>
''Nuair a shreabhann lucht leictreach trí ábhar ar bith, bíodh sé dearfach nó diúltach, tugtar sruth leictreach ar an méid luchta ghlain a ritheann thar ionad ar leith in aghaidh an tsoicind.''
''Is é an t-aimpéar an t-aonad ina dtornhaistear sruth leictreach, agus giorraítear go dtí A é. Is ionann aimpéar is cúlóm luchta ag rith thart gach soicind. Sa chás go sreabhann an sruth in aon treo arnháin an t-am go léir, tugtar sruth direach (SD) air. I''
''s é an gnás go nglactar le treo an tsrutha mar threo coibhéiseach sreabhadh luchta dhearfaigh, agus mar sin i gcoinne sreabhadh luchta dhiúltaigh. Sruth díreach a thaightear ó chill leictreach.''
''I gcás dineamó, áfach, sreabhann sruth ailtéarnach (SA) uaidh, i dtreo arnháin leath den am, sa treo eile an leath eile. Sruth ailtéamach a thaightear ó sholáthróirí leictreachais.''
''Tugtar seoltóir ar an ábhar trína sreabhann an sruth, agus chun an sruth a chur ar siúl, ní mór fórsa leictreaghluaisneach nó voltas chun an sruth a bhrú trí fhriotaíocht an tseoltóra, de réir [[dlí Ohm]].''
== Féach freisin ==
* [[aimpéar]]
* [[Dlí Ohm]]
* [[seoltóir leictreach]]
* [[ainéimiméadar]]
* [[Airgead (dúil)|airgead (Ag)]]
* [[aonaid]]
* [[astaíocht leictreamaighnéadach]]
* [[bithleictreachas]]
* [[caidéal leictreamaighnéadach]]
* [[ciorcad leictreach]]
== Tagairtí ==
{{reflist}}{{síol}}
[[Catagóir:Leictreamaighnéadas]]
[[Catagóir:Leictreachas]]
|