An difríocht idir athruithe ar: "Riail an Ochtréid"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 5:
 
Go bunúsach, is iad na neamh-mhiotail, na miotail alcaileacha agus na miotail chré-alcaileacha is dlúithe a chloíonn le riail an ochtréid. Maidir leis an hidrigin, níl ach aon sceall amháin aici, an sceall is cóngaraí don núicléas, agus níl áit ansin ach do dhá leictreon: mar sin, tá an hidrigin ag iarraidh struchtúr an héiliam a bhaint amach, is é sin, dhá leictreon ar an aon sceall amháin sin.
 
==Eisceachtaí==
 
Tá go leor [[Idirmheánach imoibríoch|idirmheánach imoibríoch]] éagobhsaí agus ní ghéilleann siad do riail an ochtréid. Cuimsíonn sé seo speicis cosúil le [[cairbéin|cairbéiní]], tríhidreabórán chomh maith le [[Fréamh (ceimic)|saorfhréamhacha]] cosúil leis an fhréamh meitile (CH<sub>3</sub>) a bhfuil leictreon neamhdísithe aige i bhfithiseán neamhnascach ar an adamh carbóin, agus gan aon leictreon de ghuairne fritreomhar san fhithiseán céanna. Sampla eile is ea an fhréamh chlóirín a tháirgeann clórafluaracarbóin, ar eol dó a bheith díobhálach don [[Ciseal ózóin|chiseal ózóin]]. Is minic a imoibríonn na móilíní seo chun a n-ochtréad a chríochnú.
 
==Naisc sheachtracha==
*Khan Academy.Exceptions to the octet rule (físeán) https://www.khanacademy.org/science/ap-chemistry-beta/x2eef969c74e0d802:molecular-and-ionic-compound-structure-and-properties/x2eef969c74e0d802:lewis-diagrams/v/exceptions-to-the-octet-rule