An difríocht idir athruithe ar: "Guairne"

Content deleted Content added
gramadach
No edit summary
 
Líne 25:
|[[Graibheatón]] <small>(hipitéiseach)</small>
|}
San [[Meicnic chandamach|fhisic chandamach]] agus i [[fisic cháithníní|bhfisic na mbuncháithníní]], tugtar '''guairne''' ar airí áirithe bhunúsach a bhaineann leis na buncháithníní, leis na cáithníní comhshuite (na [[Hadrón|hadróin]]) agus le [[Núicléas|núicléis]] na [[adamh|n-adamh]]. Leis an nguairne a dhéanamh níos intuigthe ag an neamh-shaineolaí, is minic a deirtear gurb ionann é, ar bhealach, agus an buncháithnín a bheith ag casadh timpeall ar a ais, ach is gá cuimhne a choinneáil air nach bhfuil ann ach simpliú garbh. Thar aon rud eile tá sé tábhachtach a thuiscint nach ionann dlíthe an nádúir ar an micrileibhéal agus ar an macraileibhéal, agus dá réir sin, nach ionann an mhatamaitic a úsáidtear le cur síos a thabhairt ar an nguairne agus ar rothlú na réad macrascópach.
 
Tá an chandamuimhir guairne chéanna ag na buncháithníní go léir den chineál chéanna, agus is cuid thábhachtach é luach na candamuimhreach seo de staid chandamach an cháithnín. Tá baint ag guairne na [[leictreon]], de réir theoirim na staitisticí guairne, le prionsabal eisiaimh [[Wolfgang Pauli]], agus sa deireadh, is toradh don phrionsabal sin é an dóigh a bhfuil na [[dúil cheimiceach|dúile ceimiceacha]] ag teacht sna sálaí ag a chéile i d[[tábla peiriadach]] na ndúl. Céim saoirse intreach thábhachtach é treo guairne an bhuncháithnín, agus ar mhaithe leis an ngiorracht tugtar guairne ar an treo guairne freisin go minic.