An difríocht idir athruithe ar: "Féith"

Content deleted Content added
Defsort, cata.
mNo edit summary
Líne 1:
[[File:Venous System es.svg|thumb|An coras féitheach]] Fuileadán a iompraíonn [[fuil]] dhí-ocsaiginithe ó na [[Fíochán|fíocháin]] ar ais don chroí. Bíonn na féitheacha domhaine taobh le hartairí. Bíonn na féitheacha éadroma sa bhfíochán fochraicneach, cosúil le cainéil ghorma go díreach faoin [[Craiceann|gcraiceann]], ag an rosta is ar an rí, mar shampla. Sreabhann an fhuil níos moille agus faoi bhrú níos lú sna féitheacha ná sna hartairí. Is mó na féitheacha ná na hartairí comhfhreagracha, ach is tanaí infhillte a mballaí. Nuair nach bhfuil fuil i bhféith, sleabhcann sí. Sa chuid is mó de na féitheacha tá comhlaí, foirmthe as filltí intéileacha, le fíochán snáithíneach leaisteach á neartú. Cuireann na comhlaí cosc le haon chúlsreabhadh fola, agus iompraíonn colún fola sna féitheacha (sna cosa, mar shampla) mar a bhfuil sreabhadh in airde. Má chliseann na comhlaí sna cosa, tarlaíonn [[féitheacha borrtha]].
 
{{Fréamh an Eolais}}