An difríocht idir athruithe ar: "Iósaf Stailín"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Ag baint Stalin_the_communist.jpg amach, scrios JuTa é ón Chómhaoin mar: Source of derivative work not specified since 19 July 2021
Líne 46:
[[Íomhá:Stalin Potsdam 1945 (cropped).jpg|clé|mion|245x245px|Potsdam, 1945]]
Cibé scéal é, nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh, ní raibh Stailín ábalta é a chreidiúint ar dtús. Bhí sé ag fáil rabhadh i ndiaidh rabhadh óna chuid gníomhairí rúnda, an Cumannach Gearmánach [[Richard Sorge]] mar shampla, ach rinne sé neamhshuim díobh, agus fiú nuair a bhí an namhaid ag cur cogaidh cheana féin, d'áitigh sé nach raibh i gceist ach míthuiscint, agus gurbh fhéidir deireadh a chur leis na "scirmisí" seo trí theagmháil taidhleoireachta leis na Gearmánaigh. Nuair a tháinig an tuiscint aige gur mór-ionsaí míthrócaireach a bhí i gceist, theip a chuid néaróg ar Stailín, agus d'éalaigh sé, i bhfolach ina theach saoire ar feadh tamaill. Dealraíonn sé gur chreid sé a chluiche caillte ar fad agus an chuma seo ar na cúrsaí.
 
[[Íomhá:Stalin the communist.jpg|clé|mion|234x234px|1953 is cosúil]]
Ní raibh a chuid giollaí sách dána leis an deachtóir a tháinseamh, áfach, agus nuair a thuig Stailín gur amhlaidh a bhí, chrom sé ar ais ar a chuid oibre. An gnáthshaoránach Sóivéadach a bhí tar éis an oiread sin cruatan a fhulaingt faoina chomandracht, ghlac sé le Stailín anois mar shiombail don chath a chuir an náisiún ar a shon féin. Chuaigh Stailín go mór mór i dtuilleamaí an náisiúnachais Rúisigh féin - ar bhealach nach raibh na sean-Chumannaigh go léir sásta leis ar dtús - ina chuid óráidíochta le linn an chogaidh. An chéad óráid a thug sé i ndiaidh ionsaí Hitler, choinnigh muintir an Aontais Shóivéadaigh cuimhne uirthi go lá a mbáis, nó tar éis dó ''A Chomrádaithe'' a rá, chuir sé ceiliúr eile ar fad ar an náisiún: ''A Bhráithre is a Shiúracha'' - mar a bheadh sé i gcónaí sa chliarscoil ag foghlaim sagartóireachta. Bhí an chuid eile den óráid lán le tagairtí do stair na Rúise roimh lá an Chumannachais: