An difríocht idir athruithe ar: "Dúchrónaigh"

Content deleted Content added
mionfheabhsuithe
Líne 14:
 
== Ag Troid in Éirinn ==
Bhí pá réasúnta maith de réir chaighdeán an [[am]]a - deich scillinge an lá - á híoc leis na Dúchrónaigh. Thairis sin, fuair siad [[bia]] agus lóistín mar pheorcaisí. Ó nach raibh ach bunchleachtadh acu ar obair an phóilín, b’éba é an príomhról a ceapadh dóibh ná treisiú le neart míleata na bpéas, agus iad ag déanamh fairtheoireachta, ag gardáil, ag tionlacan gníomhairí de chuid an Rialtais, ag tacú leis na constáblaí, ag cur smacht ar na sluaite, agus ag cur catha ar na hÓglaigh. B’éBa é an meas a bhí ag na Poblachtánaigh orthu, áfach, gur arm forghabhála a bhí iontu. Nuair a bhí an cath in aghaidh na nÓglach agus na bPoblachtánach eile ag dul chun géire, thabhaigh na Dúchrónaigh míchlú ó mhuintir na tíre, chomh brúidiúil is a bhí siad - agus sin le caoinchead Rialtas na Breataine. Inniu, creidtear nach ar na Dúchrónaigh amháin a bhí an locht agus go raibh na Póilíní Cúnta i bhfad ní ba chruálaí.
 
Thairis sin, rinne gnáth - "shaighdiúirí dubha" de chuid na Constáblachta Ríoga ainghníomhartha freisin, cé gur nós leis na hÉireannaigh gach mioscais a chur i leith na nDúchrónach. Mar shampla, constáblaí áitiúla a mharaigh [[Tomás Mac Curtain]], Ard-Mhéara [[Chorcaí]], i Mí na Márta, 1920.
 
Maidir leis an triúr sibhialtach déag ar shiúil an ródach orthu ar [[Domhnach na Fola (1920)|Dhomhnach na Fola]] i b[[Páirc an Chrócaigh]], b’iadba iad na Póilíní Cúnta ba chiontach leis an gcoir áirithe sin. Thairis sin, rinne na ''saighdiúirí dearga'' gníomhartha uafáis fosta. Mar shampla, b’iadsan a dhóigh [[Mala]] agus [[Mainistir Fhear Maí]].
[[Íomhá:Hogan's Flying Column.gif|mion|Hogan’sColún FlyingReatha ColumnSheáin Uí Ógáin]]
I ndiaidh an iomláin, ba chuma le cuid mhór de na Poblachtánaigh faoi na miondifríochtaí idir na díormaí éagsúla, agus ba ghnách leo "Dúchrónach" a thabhairt ar fhear ar bith a raibh arm [[tine]] leis agus é ag cur catha ar na hÓglaigh. Leasainm eile ar na Dúchrónaigh agus ar na Póilíní Cúnta in éineacht ab ea ''Tudor’s Toughs'', nó b’éba é an Maor-Ghinearál Sior Henry Hugh Tudor a bhí ina cheannasaí ar na péas ar fad.
 
B’éBa é Alexander Will ó Fharfair in [[Alba]]in an chéad Dúchrónach a fuair bás sa chogadh. Maraíodh é nuair a d’ionsaigh na hÓglaigh beairic de chuid na Constáblachta Ríoga i Ráth Mór, Contae Chiarraí, ar an [[11 Iúil]] [[1920]].
 
Má fuair [[fear]] de na Dúchrónaigh [[bás]] i bpáirc an áir, d’fhéach a chuid compánach chuige go n-íocfadh na sibhialtaigh Éireannacha a dheachú sin a íoc. I rith an tsamhraidh sa bhliain 1920, is iomaí [[sráidbhaile]] nó cathair bheag a dhóigh is a chreach na Dúchrónaigh: [[Tuaim]] i g[[Contae na Gaillimhe]], [[Baile Átha Troim]], [[Baile Brigín]], [[Dúrlas Éile]], [[an Teampall Mór]], agus go leor eile.
 
I Mí na Samhna sa bhliain 1920, rinne na Dúchrónaigh "léigear" ar [[Trá Lí|Thrá Lí]] le héiric a éileamh sa dóigh ar fhuadaigh is ar mharaigh na hÓglaigh beirt fhear de chuid na Constáblachta Ríoga. Dhún na Dúchrónaigh síos na [[siopa]]í is na [[gnó]]thais eile sa chathair, agus níor lig siad isteach goblach amháin [[bia]] ar feadh seachtaine. Thairis sin, mharaigh siad triúr daoine áitiúla.
 
Ar an [[14 Samhain]] [[1920]] d’fhuadaigh agus mharaigh na Dúchrónaigh [[sagart]] [[Caitliceachas|Caitliceach]], an tAthair Mícheál Griffin, i g[[Cathair na Gaillimhe]]. Fuarthas a chorpán sáite síos i bportach i m[[Bearna]] in aice le Gaillimh [[seachtain]] ina dhiaidh sin. B’éBa é an t-ainghníomh ab fheiceálaí dá ndearna na Dúchrónaigh, áfach, ná gur chreach siad [[Cathair Chorcaí]] ar an [[11 Nollaig]] [[1920]]. DódhCuireadh lár na cathrach trí thine ar fad, agus scriosadh breis is trí chéad [[foirgneamh]]. Mharaigh siad cúigear sibhialtach agus beirt a bhí in amhras acu faoi bheith ina nÓglaigh.
 
==Costas==