An difríocht idir athruithe ar: "Cré na Cille"

Content deleted Content added
Líne 25:
Cuireadh i leith an Chadhanaigh gur thug [[Dostoevsky]] inspioráid don scéal, ach mhaígh sé féin go raibh an leabhar bunaithe ar ráiteas a chuala sé nuair a bhí uaigh á tochailt do sheanfhondúir de chuid an [[An Cnocán Glas|Chnocáin Ghlais]] i ngeimhreadh na bliana [[1944]] nó [[1945]].
 
' ''Chart muid dhá uaigh ach níorbh iad na cónraí cearta a fuair muid iontu. Cuireadh fios ar mhapa na n-uaigheannaí ach bhí an mapa cosúil le gasúr ag déanamh suimeannaí leis an tlú i luaith an teallaigh. Bhí sé siar sa lá agus ba ghearr go mbeadh an tsochraide ar fáil. Dúirt muid go gcartfadh muid uaigh eile agus gurb shin é an méid. Ag dul abhaile dhúinn dúirt duine de mo chomharsanaí: 'an bhfuil a fhios agaibh cár fhága muid téaltaithe sa deire í, anuas', adúirt se, 'ach ar dhuine a dtiúrfa mise Micil Rua air'. 'Ó', adúirt ceann eile, 'ó bhó go deo nach ann a bheas an "grammar".'' ' (Ó [[Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca]])
 
Más fíor rudaí áirid adúradh fúm is mar seo a d'fhan siad i ngan
fhios i m'intinn. Dúradh faoi Chré na Cille gur scéal le Dostoevski a
mheabharaigh dhom í. Níl mé cinnte ar léigh mé scéal sin Dostoevski
ná gearrscéal ar bith leis roimh Chré na Cille a scríobh. Léigh mé an
ceann áirid sin, nuair a cuireadh an rud seo i mo leith. Is beag
cosúlacht dháiríre atá ag Cré na Cille le scéal an Rúisigh, an oiread
céanna b'fhéidir is atá ag téama an ghrá, an grá tur féin, ó úrscéal
go húrscéal den méid úrscéalta a bhfuil an grá iontu. Chloisinn mo
chomharsanaí ag caint: an bhfuil a fhios agaibh anois céard déarfas
Willy Beag thiar sa reilig nuair a chuirfeas siad fód ar Mhaidhc thiar
len a ais?' Nó: `go sábhála Dia sinn má tá féith bheo ar bith i
gCite Fhada thiar san uaigh gheobha an cailín seo siar an teanga'.
Chonaic mé an rud a mheabharaigh na cainteannaí seo ar fad
dhom as an nua. Tá roinnt reiligeachaí i gCois Fharraige agus
thiocfadh dhó tarlú i gcuid acu. San am ar ligeadh as an gcampa
géibhinn mé bhí mé sa mbaile an geimhre sin. Fuair bean chomharsan
liom bás amach ar ghearrógaí dubha na Nollag. Bhí díle bháistí ann
agus breac-shneachta thríthí, sa gcaoi nárbh bhféidir an uaigh a
dhéanamh go dtí an lá a raibh sí dhá cur. Chua cúigear nó seisear
againn dhá déanamh le deifriú léi. Chart muid dhá uaigh ach níorbh
iad na conraí cearta a fuair muid iontu. Cuireadh fios ar mhapa na
n-uaigheannaí ach bhí an mapa cosúil le gasúr ag déanamh sui-
meannaí leis an tlú i luaith an teallaigh. Bhí sé siar sa lá agus ba
ghearr go mbeadh an tsochraide ar fáil. Dúirt muid go gcartfadh
muid uaigh eile agus gurb shin é an méid. Ag dul abhaile dhúinn
dúirt duine de mo chomharsanaí: `an bhfuil a fhios agaibh cár fhága
muid teáltaithe sa deire í, anuas', adúirt sé ar dhuine a dtiúrfa mise
Micil Rua air. `Ó'. adúirt ceann eile, `ó bhó go deo nach ann a bheas
an ‘grammar".'
Má tá i ndán's go raibh scéal Dostoevski cuisnithe in áit eicínt i
m'intinn, b'fhéidir gur mhúscail rudaí mar sin chun beatha é. Dúradh
rudaí eile a bhí gan tóin gan cheann. San am ar tháinig Cré na Cille
amach an chéad uair agus aríst le goirid dúradh gurb as an Spoon
River Anthology a fuair mé í. Ní fhaca mé an Spoon River Anthology
í áirím í a léamh. De bharr an rud sin a bheith athphléite
i gComhar le goirid tuigim anois go bhfuil tuambaí sa duanaire sin
agus tuairiscí faoi shaol na ndaoine atá fúthu sin scríofa ar na tuambaí.
Dúradh freisin gurb ag aithris ar bheirt Mheireacánach eile a bhí mé,
John Dos Passos agus Thomas Woulfe. Níor léigh mé smid le
ceachtar acu ariamh.
 
 
Ceapann roinnt go mb'fhéidir gur a thréimhse sa champa géibhinn ar an gCurrach a thug bunsmaoineamh don leabhar Cré na Cille dó; na príosúnaigh nua ag breith scéalta isteach sa champa faoina raibh ag tarlú taobh amuigh. <ref>Ó hÉallaithe, Donnacha, 'Máirtín Ó Cadhain i nGéibheann (1940 - 1944)', Gaelscéal, 7 Deireadh Fómhair, 2011.</ref>