An difríocht idir athruithe ar: "An Impireacht Bhiosántach"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Aerchasúr (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 8:
Ba chor cinniúnach é roinnt imeachtaí a tharla ón 4ú go 6ú haois a rianaigh an tréimhse trasdula i ndeighilt Impireacht na Róimheina dha leath, an Oirthear Gréagach agus an Iarthar Laidineach. D'atheagraigh [[Constaintín a hAon, Impire na Róimhe|Constaintín I]] (r. 324-337) atheagrú an Impireacht, D'fhógair sé go mbeadh Constantinople ina phríomhchathair nua, agus go mbeadh [[an Chríostaíocht]] dleathach. Faoi Teodaisias I (r. 379-395), tháinig an Chríostaíocht i dtreis mar reiligiún oifigiúil an stáit agus toirmeascadh cleachtais reiligiúnacha eile. Ar deireadh, faoi réimeas Haracleas (r. 610-641), cuireadh athstruchtúrú míleata agus riaracháin i bhfeidhm an Impireacht agus ghlacadh leis an Ghréige le haghaidh úsáide oifigiúla in ionad na Laidine.
 
Dá bhrí sin, cé gur lean an stát Rómhánach agus coinníodh traidisiúin an stáit Rómhánach, déanann staraithe an lae inniu idirdhealú idir an Bhiosáint agus [[an tSean-Róimh]] sa mhéid go raibh sí dírithe ar Chonstantinople, dírithe i dtreo chultúr na Gréige seachas chultúr na Laidine, agus go raibh an [[Ceartchreidmheachas|creideamh ortadocsach]] mar chomhartha sóirt aici.
 
Choinnigh na Biosántaigh cultúr agus dlí na sibhialtachta Gréagaí agus Rómhánaí beo ina measc, chomh maith leis an gCríostaíocht Heilléineach agus Cheartchreidmheach. Níor mhair an [[Laidin]] ina mbéal, áfach, nó b'fhearr leo an Ghréigis, a bhí á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta le fada.