An difríocht idir athruithe ar: "Xeanón"

Content deleted Content added
Líne 53:
==Iseatóip an xeanóin==
 
Tá xeanón an dúlra comhdhéanta as seacht n-iseatóp cobhsaí:<sup>126</sup>Xe, <sup>128–132</sup>Xe, agus <sup>134</sup>Xe. Go teoiriciúil ba chóir go dtiocfadh béite-mheath dúbailte ar <sup>126</sup>Xe agus <sup>134</sup>Xe, ach níor aithninaithin na heolaithe a leithéid go praiticiúil riamh, agus mar sin déantar talamh slán de gur núiclídí cobhsaí iad an dá cheann sin. Rinneadh taighde ar bhreis is dhá scór iseatóp radaighníomhach de chuid an xeanóin. Is iad an dá iseatóp radaighníomhacha is fadsaolaí acu ná <sup>124</sup>Xe, a dhéanann leictreonghabháil dhúbailte (leathré: 1.8 × 10<sup>21</sup> bliain) agus <sup>136</sup>Xe, a dtagann béite-mheath dúbailte air (2.11 × 10<sup>21</sup> bliain is leathré don iseatóp áirithe seo).
 
Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an xeanón, mar atá, <sup>129</sup>Xe agus <sup>131</sup>Xe, a bhfuil móiminteam uilleach intreach acu nach ionann é agus an neamhní - is é sin, tá guairne núicléis acu a dhéanann oiriúnach iad le haghaidh athshondais mhaighnéadaigh núicléach nó NMR (feinimeán fisiciúil a úsáidtear i dteicníochtaí íomháúcháin sa mhíochaine). Is féidir núicléis na n-iseatóp seo a ailíniú ó thaobh na [[guairne]] de thar na gnáthleibhéil pholarúcháin trí sholas ciorcalpholaraithe agus rubaidiam galaithe a úsáid. Ar an dóigh seo sroichfear leibhéal polaraithe thar 50 faoin gcéad den uasmhéid theoiriciúil. Tugtar hipearpholarú ar an gcineál seo ailíniú guairne, agus is staid shealadach é.