An difríocht idir athruithe ar: "Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Painéal a bhunaigh Clár Comhshaoil na [[Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] is Eagraíocht Dhomhanda na Meitéareolaíochta i [[1988]] chun [[measúnú]] údarásach a dhéanamh ar an eolas eolaíoch ar an [[Téamh domhanda|bhforthéamh domhanda]] is an t-[[athrú aeráide]] domhanda de bharr astaíochtaí gáis cheaptha teasa san [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]]. Déanann sé measúnú freisin ar na hiarmhairtí ar an [[Comhshaol|gcomhshaol]], an [[eacnamaíocht]] is an tsochaí, agus molann freagairtí straitéiseacha don ghábh seo. Rinne an painéal (a raibh 400 eolaí ó 25 tír mar bhaill de ag an am) a chéad tuarascáil i [[1990]], ag tuar go n-éireódh meánteocht [[An Domhan|an Domhain]] 0.3 °C gach 10 mbliain den chéad seo. Rinne sé a thuarascáil chuimsitheach is déanaí i [[2007]], ag léiriú go bhfuil an t-athrú aeráide is a iarmhair ag tarlú ar a laghad chomh trom is a tuaradh i 1990.
 
==Oibriú an Phainéil==
{{Fréamh an Eolais}}
 
{{síol}}
Ní dhéanann an Painéal Idir-Rialtach ar an Athrú Aeráide (PIAA) buntaighde ná monatóireacht ar athrú aeráide. Déanann sé atbhreithniú córasach ar an litríocht a bhaineann leis an scéal chun an t-eolas is déanaí a thabhairt ar an athrú aeráide, ar a thorthaí agus ar a bhféadfaí a dhéanamh i ngeall air.<ref name="Principles">IPCC. {{cite web|teideal=Principles Governing IPCC Work|url=https://www.ipcc.ch/site/assets/uploads/2018/09/ipcc-principles.pdf}}. Ceadaithe 1–3 Deireadh Fómhair 1998, athcheartaithe 14–18 Deireadh Fómhair 2013. Athrochtain 22 February 2019.</ref><ref name="Appendix A to the Principles Governing IPCC Work">
[https://www.ipcc.ch/site/assets/uploads/2018/09/ipcc-principles-appendix-a-final.pdf] Appendix A to the Principles Governing IPCC Work
</ref> Tairgeann na mílte eolaí agus saineolaí athbhreithniú agus achoimriú a dhéanamh ar na sonraí sna mílte staidéar agus tiomsaíonn siad príomhthorthaí an taighde i dTuarascálacha Meastacháin.<ref name="Structure">{{cite web |teideal = Structure of the IPCC | url =https://www.ipcc.ch/about/structure/|publisher = Intergovernmental Panel on Climate Change | access-date=22 February 2019}}</ref> Cuireann an t-athbhreithniú béim ar shoiléire agus ar chruinneas agus bíonn an t-ábhar á scagadh i gcónaí;<ref>{{Cite web|teideal=234 scientists read 14,000+ research papers to write the IPCC climate report – here’s what you need to know and why it’s a big deal|url=https://allianceforscience.cornell.edu/blog/2021/08/234-scientists-read-14000-research-papers-to-write-the-ipcc-climate-report-heres-what-you-need-to-know-and-why-its-a-big-deal/|access-date=2021-08-09|website=Alliance for Science}}</ref> maíodh gurb é an piarmheasúnú is mó ag an bpobal eolaíochta é.<ref name=":0">{{Cite web|teideal=IPCC, the world's unrivalled authority on climate science|url=https://www.msn.com/en-us/news/technology/ipcc-the-worlds-unrivalled-authority-on-climate-science/ar-AAN5RsR|access-date=2021-08-11|website=www.msn.com}}</ref> Bíonn "Achoimre do Lucht Déanta Beartas" sna tuarascálacha agus gach líne di scrúdaithe ag toscairí ó na rialtais atá páirteach sa ghnó, sin os cionn 120 tír go minic.<ref name="understanding ipcc">
{{cite web |url=https://archive.ipcc.ch/pdf/press/ipcc_leaflets_2010/ipcc-brochure_understanding.pdf |teideal=Understanding Climate Change: 22 years of IPCC assessment |date=November 2010 |publisher= Intergovernmental Panel on Climate Change (IPCC) |access-date=2 November 2011}}</ref>
 
Údarás idirnáisiúnta ar an athrú aeráide is ea an PIAA.<ref>{{cite news | teideal=Scientists offered cash to dispute climate study | date=2 February 2007 | access-date=24 July 2007 | newspaper=Guardian | first=Ian | last=Sample | url=https://www.theguardian.com/frontpage/story/0,,2004399,00.html | quote=[[Lord Rees of Ludlow]], the president of the [[Royal Society]], Britain's most prestigious scientific institute, said: "The IPCC is the world's leading authority on climate change..." | location=London}}
</ref><ref name=":0" /> Tugann sé eolas do rialtais agus don phobal, agus tá an-tábhacht lena chuid tuarascálacha i gCoinbhinsiún Creatlaí na Naisiún Aontaithe um Athrú Aeráide (CCNAAA), an príomhchonradh idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.<ref name="unfccc intro">
{{citation|title=Introduction to the Convention|url=http://unfccc.int/essential_background/convention/items/6036.php|archive-url=https://web.archive.org/web/20140108192827/http://unfccc.int/essential_background/convention/items/6036.php|publisher=UNFCCC|access-date=27 January 2014|archive-date=8 January 2014|url-status=bot: unknown}}.</ref><ref name="Principles" />
 
Déanann toscairí de chuid na mballstát an PIAA a reáchtáil. Cuireann siad lánchruinnithe ar bun gach bliain ar a laghad.<ref name="Structure — IPCC">{{Cite web|teideal=Structure — IPCC|url=https://www.ipcc.ch/about/structure/|access-date=2021-08-10}}</ref> Toghann an painéal seo búró eolaithe a bhíonn ann ar feadh timthriall meastacháin (sé nó seacht mbliana de ghnáth), agus a roghnaíonn saineolaithe a mholann rialtais agus eagraíochtaí breathnóireachta chun go scríobhfaidís tuarascálacha. Tá rúnaíocht ag an PIAA, in éineacht le hAonaid Tacaíochta Teicniúla.<ref name="Structure — IPCC"/>
 
Tar éis gur toghadh an búró nua in 2015, thosaigh an PIAA an séú timthriall meastacháin agus é le críochnú in 2022. Tá roinnt tuarascálacha speisialta foilsithe idir an dá am, agus orthu sin tá an Tuarascáil Speisialta ar Théamh Domhanda 1.5 °C, an Tuarascáil Speisialta ar an Athrú Aeráide agus an Tír, agus an Tuarascáil Speisialta ar an Aigéan agus ar an gCriósféar in Aeráid atá ag Athrú. Dá bhrí sin, maítear gurb é an séú timthriall meastacháin an ceann is uaillmhianaí i stair an PIAA.<ref>{{cite web |teideal=Decisions adopted by the 43rd Session of the Panel |url=https://www.ipcc.ch/site/assets/uploads/2018/05/p43_decisions.pdf |page= 11 decision 6}}</ref>
 
==Tuarascáil Mheastacháin an ghrúpa Eolaíochta Fisiciúla==
 
I Mí Lúnasa 2021, d’fhógair an grúpa Eolaíochta Fisiciúla a shéú Tuarascáil Meastúcháin.<ref>{{cite web |teideal=Climate Change 2021: The Physical Science Basis | author=IPCC Working Group I: The Physical Science Basis |publisher=United Nations |date=9 August 2021 |url=https://www.ipcc.ch/report/sixth-assessment-report-working-group-i/}}</ref>
 
Deir an tuarascáil mar a leanas:
 
*Rinne bearta daonna an t-atmaisféar, an t-aigéan agus an tír a théamh, rud is cúis le athruithe forleathana meara ar an atmaisféar, ar an aigéan, an criósféar (an chuid reoite den aigéan) agus an bithsféar (áit ar bith a bhfuil beatha le fáil).
 
*Na hathruithe a rinneadh le déanaí ar an gcóras aeráide ní raibh a leithéidí le fáil cheana leis na céadta nó na mílte bliain. Tá a lán athruithe ann nach féidir iad a leigheas go ceann na gcéadta nó na mílte bliain, go háirithe i dtaca leis an aigéan, na hoighearchlúideacha agus leibhéal na farraige.
*Téann an t-athrú aeráide a chuir daoine ar siúl i bhfeidhm ar gach réigiún. Tá níos mó fianaise ann ná riamh go bhfuil baint aige le tonnta teasa, báisteach throm, triomach agus anfaí trópaiceacha.
 
*Méadóidh an teocht dhomhanda dhromchla go dtí lár na haoise seo ar a laghad. Mura ndéanfar laghdú mór luath ar astúcháin ceaptha teasa, beidh téamh os cionn 1.5 céim Celsius ann agus drochthoradh níos géire fós ann.
 
*Déanfaidh téamh leanúnach domhanda an trimthriall domhanda uisce a ghéarú i dtreo go mbeidh sé níos luainí, ag athrú na monsún agus ag géarú triomaigh agus tuilte.
 
*De réir mar a mhéadóidh astúcháin dé-ocsaíde carbóin, ní bheidh an tír agus an t-aigéan chomh maith sin ag sú isteach dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar.
*B’fhéidir go leáfadh na hoighearchlúideacha, go n-athródh sruthanna aigéin go tobann agus go méadódh an téamh thar mar atá súil leis.
*Chun srian a chur leis an téamh a chuir daoine ar bun, is gá astúcháin charnacha dé-ocsaíd charbóin a laghdú go náid ghlan. Is gá astúcháin ceaptha teasa eile leithéidí meiteáin a laghdú chomh maith.
 
*Dá mbeadh astúcháin an-ísle ann bheadh a rian sin le haithint i gceann roinnt blianta ar charnadh aerasól agus gás ceaptha teasa agus ar chaighdeán an aeir. D’aithneofaí laghdú ar an teocht dhromchla i gceann timpeall fiche bliain.<ref>{{cite web |teideal=Climate Change 2021: The Physical Science Basis | author=IPCC Working Group I: The Physical Science Basis |publisher=United Nations |date=9 August 2021 |url=https://www.ipcc.ch/report/ar6/wg1/downloads/report/IPCC_AR6_WGI_SPM.pdf}}</ref>
==Nótaí==
{{reflist}}
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}{{Fréamh an Eolais}}{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Éiceolaíocht]]
[[Catagóir:Aimsir]]
[[Catagóir:Téamh domhanda]]
[[Catagóir:Athrú aeráide]]