An difríocht idir athruithe ar: "Toirtmheascadh"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 4:
 
==Stair agus sanasaíocht==
Tagann an focal "tiltre " ón bhfocal Fraincise (1543), rud a chiallaíonn cion an óir nó an airgid i mboinn airgid nó i saothair óir nó airgid; .i., tomhas míne nó íonachta. Níos déanaí, rinneadh "titre" de "tiltre",<ref>[http://www.cnrtl.fr/etymologie/titre Ortolang: "titre" (in French)]: "4. a) 1543 ''tiltre « proportion d'or ou d'argent dans les monnaies, dans les ouvrages d'or et d'argent »'' </ref> agus ansin chiallaigh sé "míne an óir chóimhiotalaithe",<ref>[http://www.etymonline.com/search?q=titre Etymology On Line: titrate]</ref> agus ansin "tiúchan substainte i sampla ar leith".<ref>[http://www.wordreference.com/definition/titre WordReference: titre and titer]</ref> Sa bhliain 1828, d’úsáid an poitigéir Francach [[Joseph Louis Gay-Lussac]] "titre" ar dtús mar bhriathar (titrer), rud a chiallaíonn “chun tiúchan substainte i sampla ar leith a chinneadh”. <ref>{{cite journal|last1=Gay-Lussac|title=Essai des potasses du commerce|journal=Annales de Chimie et de Physique|date=1828|volume=39|pages=337–368|url=https://babel.hathitrust.org/cgi/pt?id=hvd.hx3dvy;view=1up;seq=339|series=2nd series|trans-title=Assays of commercial potash|language=fr}} In footnote (1) of p. 340, Gay-Lussac first uses ''titre'' as a verb: ''"Il leur serait plus facile de titrer l'acide sulfurique normal au moyen du carbonate de soude ou de potasse pur; … "'' ([Agus tiúchan aigéad sulfarach á chinneadh] bheadh sé níos éasca dóibh gnáth-aigéad sulfarach a thoirtmheascadh trí shóidiam íon nó carbónáit photaisiam;…) </ref>
 
Ag deireadh an 18ú haois, a thosaigh anailís toirtmhéadrach sa Fhrainc. D’fhorbair François-Antoine-Henri Descroizilles an chéad buiréad (a bhí cosúil le sorcóir grádaithe) sa bhliain 1791. D’fhorbair Gay-Lussac leagan feabhsaithe den bhuiréad a chuimsigh taobhghéag , agus chum sé na téarmaí "pipette" (Gaeilge: pípéad) agus "burette" (Gaeilge: buiréad) i bpáipéar sa bhliain 1824 ar chaighdeánú thuaslagáin indeagó. Ba é an poitigéir Francach Étienne Ossian Henry (1798-1873) a chum an chéad fhíorbhuiréad sa bhliain 1845. Tháinig feabhas mór ar an modh agus an tóir a bhí ar anailís toirtmhéadrach de bharr Karl Friedrich Mohr, a athdhearadh an buiréad i bhfoirm shimplí agus áisiúil, agus a scríobh an chéad téacsleabhar ar an ábhar, Lehrbuch der chemisch-analysistischen Titrirmethode (Téacsleabhar de mhodhanna toirtmheasctha na ceimice anailíse.), a foilsíodh sa bhliain 1855.
 
 
==Tagairtí==
[[Catagóir: toirtmheascadh | ]]