An difríocht idir athruithe ar: "Láirinciam"

Content deleted Content added
Minorax (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 13:
Ba é an fisiceoir Albert Ghiorso ba thúisce a chruthaigh adaimh láirinciam, ar an 14 Feabhra 1961. Fuair an dúil a hainm ón tsaotharlann ina raibh Ghiorso agus a fhoireann ag obair, mar atá, Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley in Ollscoil California. Is í an teicníocht a bhí in úsáid ag Ghiorso agus a chuid cúntóirí ná targaid trí mhilleagram a raibh trí iseatóp calafoirniam inti a bhombardú le núicléis bhóróin ar cuireadh luas fúthu i Luasaire Líneach na dTromian (''Heavy-Ion Linear Accelerator''). Ghiorso agus a fhoireann a cheap an t-ainm don láirinciam, agus is é an giorrúchán a mhol siad ná Lw; bhí Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) sásta leis an ainm, ach d'athraigh an cumann an tsiombail cheimiceach go Lr.
 
Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an láirinciam. Is é an ceann is cobhsaí atá ann ná láirinciam a 262, ach tagann an meath radaighníomhach ar an gceann sin féin sách sciobtha, nó tá sé timpeall ar 3.6 uair an chloig ar leathré. Mar sin, níl sé furasta taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an láirinciam, ach is é an tátal a bhaineann na ceimiceoirí as go bhfuil sé cosúil go leor leis an lúitéitiam atá suite os a chionn i dtábla peiriadach na ndúl. Bhí na saineolaithe in ann ocsaíd láirinciam Lr<sub>2</sub>O<sub>3</sub> a tháirgeadh, rud a thugann le fios gurb é +3 an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá ag an láirinciam ina chuid comhdhúl. Ní thagann sin aniar aduaidh ar aon duine, ós é seo an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla ag na lantanóidigh agus ag na hachtanóidigh araon.
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]