An difríocht idir athruithe ar: "Iseatóp"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
 
Líne 12:
Nuair a thráchtar ar na hiseatóip sa ghnáthchaint, is minic a bhítear ag tagairt do na raidiseatóip shaorga a mbaintear éagsúlacht úsáide astu sa teicneolaíocht. Mar shampla, is féidir úsáid a bhaint as na raidiseatóip (nó as iseatóip neamhghnácha eile) mar rianairí le sreabh na dúile i meitibileacht duine nó i gcóras teicniúil a aithint. Is féidir freisin raidiseatóip a úsáid mar fhoinsí [[fuinneamh|fuinnimh]] (cadhnra adamhach, gineadóir iseatópach). Bíonn a lán spástaiscéalaithe ag brath ar na raidiseatóip le haghaidh fuinnimh, mar shampla.
 
Baintear úsáid as mais-speictriméadar le maiseanna adamhacha cruinne a fháil trí na maiseanna agus líonmhaireachtái coibhneasta iseatóp adaimh a thomhas. I mais-speictriméadar, déantar iain dheimhneacha de cháithníní, déantar luasghéarú orthu agus ansin déantar iad a shraonadh le leicteamaighnéad. An chonair ian atá ann mar gheall air seo, tá sí ag brath ar a gcóimheas ‘mais le lucht’ (m/z). Cé gur baineadh úsáid as ar dtús le maiseanna adamhacha coibhneasta cruinne a aimsiú, baintear úsáid as mais-speictriméadracht go forleathan anois le maiseanna foirmle choibhneasta comhdhúile anaithnide a aimsiú (m.sh. san eolaíocht
fhóiréinseach) lena sainaithint.
== Féach freisin ==