An difríocht idir athruithe ar: "Frank Herbert"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Scríbhneoir ficsin eolaíochta ó na Stáit Aontaithe ab ea '''Franklin Patrick Herbert Óg''', nó '''Frank Herbert''' mar a shíníodh sé a chuid saothar. Rugadh in Tacoma, stát Washington, ar an 8ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1920, agus shíothlaigh sé ar an 11ú lá d'Fheabhra sa bhliain 1986 i Madison, stát Wisconsin. Is é an saothar is tábhachtaí dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal úd ''Dune'' ("An Dumhach") agus an tsraith...'
 
No edit summary
Líne 3:
Is é an saothar is tábhachtaí dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal úd ''Dune'' ("An Dumhach") agus an tsraith úrscéalta a scríobh sé le scéal na Dumhcha a leanúint. Foilsíodh an chéad úrscéal sa tsraith faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1965, ach roimhe sin féin bhí sé le léamh san iris chlúiteach ficsin eolaíochta úd ''Analog''.
 
Tá imeachtaí an úrscéil úd ''Dune'' suite ar Arrakis, pláinéad gainimh a bhfuil "spíosra" rúndiamhair le fáil air. Is iad na péisteanna millteanacha a chónaíonn i ndoimhneacht na bhfásach gainimh a sholáthraíonn an spíosra, agus a lán airíonna éagsúla ag baint leis a tharraingíonn súil an réaltra go léir air. Teastaíonn an spíosra go géar ó eitleoirí na spásbhád idir-réaltach, ós rud é go gcaithfidh siad a bheith meabhrach ar thoisí uile na hollchruinne, agus iad ag ithe an spíosra leis an meabhraíocht seo a bhaint amach. Thairis sin áfach cuireann an spíosra fad le do shaol. Is iad an dá theaghlach uasal úd - muintir Atreides agus muintir Harkonnen - atá ag iarraidh teacht i seilbh Arrakis agus an spíosra. Thairis sin áfach tá Siúracha Bene Gesserit, cineál ord spioradálta do mhná, ag iarraidh a ladal féin a chur sna himeachtaí. Is é Paul Atreides atá i gcroílár an scéil - fear óg de mhuintir Atreides agus na Siúracha ag iarraidh é a iompú ina Kwisatz Haderach, sórt meisias a bhfuil i ndán dó an réaltra go léir a tharrtháil agus a rialú. Gné eile den scéal iad na ''Fremen'', muintir an fhásaigh a chuirfeadh na hArabaigh i gcuimhne duit. Tugann siad Muad'Dib ar Paul, nó sin é an t-ainm atá acu ar Mheisias. Le fírinne ba iad na Siúracha a scaip an finscéal meisiasach ina measc ar dtús, nó is cuid dá n-obair scéalaíocht den chineál sin a chur ag imeacht ar phláinéid phrimitíbheacha ar mhaithe leo féin. Siúr de chuid Bene Gesserit í máthair Paul, Jessica, agus í in ann teacht i dtír ar an seanchas seo le tearmann a fháil i measc na bhFremen di féin agus dá mac.