An difríocht idir athruithe ar: "Eochaidh mac Domhnaill"

Content deleted Content added
WD Bosca Sonraí Duine
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
No edit summary
Líne 2:
[[Ard-Rí na hÉireann]] de réir roinnt ríliostaí ba ea '''Eochaidh mac Domhnaill''' ([[Sean-Ghaeilge]] '''Eochaid mac Domnaill'''), freisin Eochaidh Fionn (''Eochaid Find'') (bás 572). [[Domhnall mac Muircheartaigh|Domhnall Ilchealgach]] (bás 566) ba ea a athair agus [[Domnall mac Muirchertaig|Muircheartach mac Muireadaigh]] (bás 534) a sheanathair, a mheastar fosta gur Ard-Ríthe iad.<ref>T.M. Charles-Edwards, ''Early Christian Ireland'', Aguisín V</ref> Ba bhall de [[Cineál Eoghain|Chineál Eoghain]] [[Uí Néill]]. Bhí sé i gcoróin i n[[Aileach]] ón mbliain 565 go dtí 571.<ref>Tugtar réimeas sé bhliain dó i ''[[Laud 610|Sioncronachtaí Laud]]''</ref>
 
Dáileadh ard-ríogacht na hÉireann rotated idir Cineál Eoghain agus [[Cineál Chonaill]] i ndeireadh na 6ú haoise.<ref>Charles-Edwards, ll. 494-495</ref> Tháinig Eochaidh i gcoróin mar chomhrí lena huncail [[Báetán mac Muirchertaig|Baotán mac Muircheartaigh]] (bás 572) ón mbliain 569.<ref>Tugtar réimeas trí bhlianabliana dóibh sa [[Leabhar Laighneach]], agus bliain amháin i ''Sioncronachtaí Laud''.</ref> Chuir na ríliostaí Meán-Ghaeilge a réimeas as áit, níos luaite ná na hannála.<ref>Charles-Edwards, ll. 484-487</ref> Fágtar ar lár iad as na ríliosta is luaite, ''[[Baile Chuinn Chétchathaig|Buile Choinn]]'', dán ó dheireadh na 7ú haoise. D'fhéadfadh é gurbh é [[Báetán mac Cairill|Baotán mac Cairill]] (bás 581), rí Ulad, an fíor-Ard-Rí ag an am.<ref>Francis J.Byrne, ''Irish Kings and High-Kings'', lch. 114</ref>
 
Sa bhliain 572, cloíodh agus maraíodh an bheirt ríthe ag Crónán mac Tiarnaigh, rí [[Ciannachta|Chiannachta Ghleann Gheimhin]] ([[Contae Dhoire]] an lae inniu).<ref>[[Annála Uladh]], AU 572.1</ref><ref>[[Annála Tiarnaigh]], AT 571.1</ref>